Aontaím leis an méid atá an tAire Stáit ag rá. Caithfimid cinntiú nach dtarlóidh aon mhoilleadóireacht agus nach gcaillfidh muid mí i ndiaidh míosa toisc cruinnithe coiste nó a leithéid. Tá dúshlán mór roimh an Stát. Má tá moilleadóireacht ann ag an staid seo, beidh muid mall ag comhlíonadh na ndúshlán móra atá roimh an státchóras ina iomláine ó thaobh earcaíochta de agus ó thaobh gach rud eile agus na seirbhísí a bheith ar fáil. Ceist a bhaineann leis seo ná ceist na gcaighdeán. Le linn na díospóireachta, bhí muid…