← All members
Aengus Ó Snodaigh
Rhetoric & votes →
Dublin South-Central
· active 2020-03-19 to 2026-10-01
1,487Contributions
1,133Votes cast
5.0%On prevailing side
417Tá
703Níl
13Staon
On prevailing side: this member voted
with the winning side in 56 of
1,120 decisive votes
(13 abstentions
excluded). Read it as a government-or-opposition indicator rather than a
measure of influence — the figure is near 100% for members supporting the
government of the day and near 0% for those opposing it.
Party over time
This is the point of the site: contributions keep the party
held on the day, not the one held now.
Membership spells on record:
SF
2002-05-17–2007-04-30 · SF
2007-05-24–2011-02-01 · SF
2011-02-25–2016-03-09 · SF
2016-03-10–2020-01-14 · SF
2020-02-08–2024-11-08 · SF
2024-11-29–present
Record
SF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Bhí mé ag éisteacht leis an Teachta Connolly agus bhí an ceart aici. B'fhéidir gur téarma mícheart é "pionóis" ach ba cheart go mbeadh impleachtaí i gceist, mar a dúirt sí, nuair nach gcomhlíontar na dualgais. An sampla is déanaí ón gCoimisinéir Teanga ná nuair a chuaigh sé i dteagmháil le Eircode don chéad uair sé bliana ó shin chun fadhb a réiteach. Níl an cheist réitithe fós tar éis sé bliana. Níl mé ag lorg go ndéanfadh muid plé air sin ach sin sampla. Bhí An Garda Síochána mar an gcéanna. Seo in ainneoin an Co…
SF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Ní deireadh an domhain é fíneáil nó impleachtaí a bheith ann. Tá feicthe againn cheana gur cuma sa tsioc le roinnt chomhlachtaí. Mar sin caithfear bealach éigin a fháil chun iad a tharraingt isteach sa reachtaíocht agus a dhéanamh cinnte de go ndéanann siad déileáil leis agus plé i gceart leis seo. Is trua nach bhfuil an tAire Stáit sásta glacadh leis seo. An fhadhb atá againn ná nach bhfuil an caighdeán ann agus nuair a bheidh sé ann ní bheidh input againne ar conas mar a bheidh an leagan amach ó thaobh na gcaighd…
SF
2021-10-06 · Dail
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
SF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Tairgim leasú Uimh. 10:
I leathanach 9, idir línte 4 agus 5, an méid seo a leanas a chur isteach:
“Leasú ar alt 4 den Phríomh-Acht
3. Leasaítear alt 4(1) den Phríomh-Acht trí “, le toiliú an Aire Airgeadais” a scriosadh.”.
Is leasú simplí é seo. Rinneamar an cheist seo a phlé ar Chéim an Choiste agus ní raibh freagra sásúil ann. Níor chóir go mbeadh dualgas sa bhreis ann toil an Aire Airgeadais a fháil anuas ar thoil an Rialtais, mar atá sonraithe san Acht cheana. Tá praiseach déanta thar na blianta, mar is eol dúi…
SF
2021-10-06 · Dail
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Tarraingeoidh mé siar an leasú.
SF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Cuirim fáilte roimh an leasú seo toisc an éisteacht a thug an tAire Stáit don mhéid a bhí le rá agam féin agus daoine eile ar Chéim an Choiste faoi dhuine sinsearach a roghnú chun formhaoirsiú agus tuarascáil a dhéanamh ar chomhlíonadh oibleagáid an chomhlachta faoin Acht seo. Tá soiléiriú de dhíth orm. Ar an gcéad dul síos, an féidir leis an Aire Stáit míniú a thabhairt ar an idirdhealú idir phríomhoifigeach agus ceann comhlachta phoiblí? Tá an fhoclaíocht sin sa reachtaíocht maidir le ceann comhlachta phoiblí a c…
SF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Tairgim leasú Uimh. 20:
I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach:
"(3) (a) Déanfaidh gach ceann comhlachta phoiblí duine a cheapadh agus a shainainmniú óna fhoireann nó óna foireann shinsearach bainistíochta, is duine a bhfuil ról aige nó aici i bhfeidhmeannacht nó i mbainistíocht an chomhlachta, chun bheith freagrach as forálacha Achtanna na dTeangacha Oifigiúla a chur i ngníomh sa chomhlacht sin, a mhéid a bhaineann siad leis an gcomhlacht sin, agus aon dualgais reachtúla eile i …
SF
2021-10-06 · Dail
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Níl na cearta á bplé go dtí an chéad ghrúpa eile.
SF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Tá brón orm as cur isteach ar an Teachta. Níl an pointe sin sroichte againn go fóill. Maidir le cearta an duine a raibh an Teachta ag caint faoi, tharla meascadh mar gheall ar an tslí a fuaireamar na groupings chomh déanach agus gach rud eile. Is é sin mar a bhíonn agus muid ag plé reachtaíochta. Nílim ag cur an locht ar aon duine. Tarlaíonn sé seo go minic nuair a bhíonn an oiread sin leasuithe le plé agus bíonn sé deacair déileáil leo.
Baineann na leasuithe seo leis na meáin shóisialta agus ábhar margaíochta. Tá …
SF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Is leasú maith é seo ón Aire Stáit. Tá mise sásta mo leasuithe Uimh. 58 go 61, go huile, a tharraingt siar mar tá siad clúdaithe sa mhéid atá á rá ag an Aire Stáit. Tagraím do leasú Uimh. 65, mar a rinne an Teachta Ó Cathasaigh. Níl a fhios agam cén fáth nach bhfuil Uimh. 128 sa ghrúpa seo mar tá na leasuithe beagnach mar an gcéanna agus déanann siad déileáil leis an sórt rud céanna. Tá an ceart ag an Teachta nach bhfuil sé soiléir i mo leasuithe nó i leasú an Aire Stáit an 5% den bhuiséad nó 5% de líon na bhfógraí…
SF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Muna bhfuil treoirlínte ann, agus tá seans nach mbeidh, tá an méid atá i leasuithe Uimh. 132 nó 129 i ndán. Teastaítear treoirlínte ó thaobh an leagan amach Gaeilge nó Béarla. Má léann an tAire Stáit leasú Uimh. 129, leagann sé amach go sonrach an tslí ina mbeadh orthu fógraí agus doiciméid a leagan amach amach anseo.
SF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Tá dhá leasú anseo. Leagann ceann amach go díreach cad a bheadh sa chairt ach tá sé as ord toisc go gcuireann sé dualgais reachtúla agus dá réir, dualgais airgeadais, ar an Stát. An ceann go bhfuilimid ag plé, toisc go bhfuil sé in ord, ná an ceann a chuireann iallach ar an Aire dréacht-chairt a chur le chéile, a ullmhú agus a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Is féidir é sin a dhéanamh ar chúpla bealach. Is féidir linn pleanáil ina leith ach tá samplaí againn ó thíortha eile ó thaobh conas mar a oibríonn an …
SF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Tairgim leasú Uimh. 24:
I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach:
“Leasú ar alt 5 den Phríomh-Acht
4. Leasaítear alt 5 den Phríomh-Acht trí “, agus a chur faoi bhráid cibé comhchoiste de chuid Thithe an Oireachtais a dhéanann plé ar ábhair bheartais a bhaineann leis an nGaeilge, leis an nGaeltacht, leis na hoileáin agus le pobal labhartha na Gaeilge”, a chur isteach i ndiaidh “gach Teach den Oireachtas”.”.
Is leasú simplí é seo. Tá tuarascáil bhliantúil in ainm agus a bheith déanta…
SF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Tairgim leasú Uimh. 25:
I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach:
“Leasú ar alt 5 den Phríomh-Acht
4. Leasaítear alt 5 den Phríomh-Acht trí "(1) Déanfaidh" a chur in ionad "Déanfaidh" agus tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh "roimhe sin.":
"(2) Déanfaidh an tAire, i gcomhchomhairle leis an bPríomh-Oifig Staidrimh, agus tráth nach déanaí ná bliain tar éis an fhoráil seo a achtú, tuarascáil a ullmhú agus a chur faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ar mhaithe le bunús ar …
SF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Is trua sin. Ar slí amháin, tuigim go bhfuil dualgas á chur ar an gcoiste comhairleach agus go bhfuil sé leagtha síos, ach tá ról lárnach ó thaobh taighde a dhéanamh agus staitisticí a bhailiú ag an bPríomh-Oifig Staidrimh. Tá na scileanna acu chun tabhairt faoin obair i gceart. Bheadh sé go maith dá mbeadh an oifig ceangailte leis an gcoiste comhairleach ionas go dtuigfidís an dualgas breise orthu. Ní hé sin amháin a bhí i gceist ag an leasú seo. Caithfear a chinntiú sna polasaithe agus na bearta Stáit a bheidh an…
SF
2021-10-06 · Dail
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
SF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Tairgim leasú Uimh 26:
I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach:
“Leasú ar alt 6 den Phríomh-Acht
4 . Leasaítear alt 6 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (1), trí “gach duine” a chur isteach in ionad “comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas”.”.
Tá sé thar am dúinn aithint go soiléir go bhfuil parlaimint dhátheangach againn i dTithe an Oireachtais. Tá na cearta céanna ag Gaeilgeoirí agus Béarlóirí agus ní cearta srianta iad do Chomhaltaí ina dTeach féin. Is leasú simplí é seo a chinntí…
SF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Tuigim gur féidir léamh a dhéanamh ar na leasuithe mar laghdú stádais ach is é a mhalairt atá i gceist. Tá siad ag déanamh cinnte go bhfuil an stádas ann, rud nach bhfuil fíor faoi láthair. B'fhéidir go ndéanann Tithe an Oireachtais a rialacháin féin ach ní fíor gur féidir le haon duine teacht os comhair Thithe an Oireachtais agus Gaeilge a labhairt, mar is léir nuair nach raibh an córas aistriúcháin ag obair sa choiste le linn na paindéime. Bhí orainn an áit seo a úsáid mar nach bhfuil na hacmhainní ann go fóill. …
SF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Tairgim leasú Uimh. 34:
I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach:
“Leasú ar alt 7 den Phríomh-Acht
4. Leasaítear alt 7 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “teangacha oifigiúla.”:
“(a) Déanfaidh an tAire, tar éis taighde a dhéanamh ar riaráistí na nAchtanna nach bhfuil clóite agus foilsithe ach i gceann amháin den dá theanga oifigiúla go dtí sin, tráth nach déanaí ná bliain tar éis an tAcht seo a achtú, tuarascáil a chur faoi bhráid Thithe an Oireacht…
SF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Aithním é sin. Bhí seisiún maith againn níos luaithe i mbliana le Cléireach na Dála agus Príomh-Aistritheoir Thithe an Oireachtais agus iad ag tabhairt mínithe dúinn faoin gceist seo. A luaithe agus atá Bille achtaithe, ní díreach ceist do Thithe an Oireachtais é nach bhfuil sé ar fáil i nGaeilge, mar go bhfuil tionchar aige ar an dlí. Tá na breithiúna ag caint faoin reachtaíocht agus faoi ionstraimí chomh maith. Tá cinneadh á dhéanamh. Tá a fhios agam go bhfuil an Stát ag déanamh achomharc ar an méid a dúirt breit…