← All members
Aengus Ó Snodaigh
Rhetoric & votes →
Dublin South-Central
· active 2020-03-19 to 2026-10-01
1,487Contributions
1,133Votes cast
5.0%On prevailing side
417Tá
703Níl
13Staon
On prevailing side: this member voted
with the winning side in 56 of
1,120 decisive votes
(13 abstentions
excluded). Read it as a government-or-opposition indicator rather than a
measure of influence — the figure is near 100% for members supporting the
government of the day and near 0% for those opposing it.
Party over time
This is the point of the site: contributions keep the party
held on the day, not the one held now.
Membership spells on record:
SF
2002-05-17–2007-04-30 · SF
2007-05-24–2011-02-01 · SF
2011-02-25–2016-03-09 · SF
2016-03-10–2020-01-14 · SF
2020-02-08–2024-11-08 · SF
2024-11-29–present
Record
SF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Tairgim leasú Uimh. 37:
I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach:
"Úsáid na dTeangacha Oifigiúla sa Rialtas
4. Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 7:
"Úsáid na dTeangacha Oifigiúla sa Rialtas
7A. Déanfaidh an tAire tuarascáil a ullmhú agus a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais, tráth nach déanaí ná bliain tar éis an tAcht seo a achtú, ina leagfar amach scála ama agus moltaí praiticiúla i dtreo ateangaireacht chomhuaineach nó chomhl…
SF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Tairgim leasú Uimh. 39:
I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach:
"Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht
4. Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (3), trí "ní mór don chúirt" a chur in ionad "féadfaidh an chúirt".".
SF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Tairgim leasú Uimh. 46:
I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach:
"Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht
4. Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):
"(1A) Déanfaidh an tAire, tar éis comhchomhairle a dhéanamh leis an gCoimisinéir Teanga, agus tráth nach déanaí ná bliain tar éis an tAcht seo a achtú, tuarascáil a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais ina leagfar amach na féidearthachtaí atá ann chun an chosaint atá ann don chea…
SF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Tairgim leasú Uimh. 49:
I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach:
"Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht
4. Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):
"(7) Déanfaidh an tSeirbhís Chúirteanna tuarascáil a ullmhú, a fhoilsiú, agus a chur faoi bhráid an Aire agus Thithe an Oireachtais, tráth nach déanaí ná bliain ó achtú an Achta seo, ina leagfar amach moltaí faoi conas na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach agus amchlár le haghaid…
SF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Tairgim leasú Uimh. 50:
I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach:
"Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht
4. Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):
"(7) (a) San fho-alt seo, ciallaíonn 'Acht 1961' Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961.
(b) Leasaítear alt 5 d'Acht 1961 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):
'(8) (a) Beidh an cumas ag aon duine cáilithe de réir an ailt seo Bunreacht na h…
SF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Tairgim leasú Uimh. 51:
I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach:
"Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht
4. Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):
"(7) (a) San fho-alt seo, ciallaíonn 'Acht 2008' Acht na nDlí-Chleachtóirí (An Ghaeilge), 2008.
(b) Leasaítear alt 1 d'Acht 2008—
(i) trí ", a mhéid is réasúnach di déanamh amhlaidh,", i bhfo-alt (2), a scriosadh,
(ii) tríd an bhfo-alt nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-…
SF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Tá an t-ábhar seo tábhachtach agus níor chóir go mbeadh orainn é seo a dhéanamh. B'fhéidir go mbeidh an tAire Stáit in ann labhairt faoi leis an Aire, an Teachta Varadkar, toisc go raibh seisean den tuairim gur cheart é seo a dhéanamh agus gheall sé go dtarlódh sé nuair a bhí sé ina Aire Iompair tamall de bhlianta ó shin. Is leasú simplí é seo. Mar a dúirt Dubhghlas de hÍde, sular ceapadh é mar chéad Uachtaráin an Stáit, i léacht an-cháiliúil in 1892 - bliain sular bhunaigh sé Conradh na Gaeilge - dar teideal, "The…
SF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Is trua é sin. Tá an leasú ag déileáil leis an dualgas reachtúil ó thaobh na Gaeilge de. Is minic a deirtear nach bhfuil feidhm ag an mBille ó thaobh chomharthaí tráchta agus a leithéid agus ba chóir go mbeadh sé i reachtaíocht faoi chóras iompair, chomhairlí contae nó pé áit. Is é seo an áit is cuí. Is é seo an áit gur féidir linn é a dhéanamh. Má thagann reachtaíocht eile, is féidir é a bhogadh nó cur leis amach anseo. Ba chóir dúinn glacadh leis seo agus déanamh cinnte de go bhfuil sé seo ag tarlú. Tá sé geallta…
SF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Tairgim leasú Uimh. 58:
I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach:
" Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht
4. Leasaítear alt 9 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (2), trí "nó ar na meáin shóisialta" a chur isteach i ndiaidh "leis an bpost leictreonach".".
SF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Tairgim leasú Uimh. 59:
I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach:
“Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht
4. Leasaítear alt 9 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (2), trí “le duine nó” a chur isteach i ndiaidh “leis an bpost leictreonach”.”.
SF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Tairgim leasú Uimh. 60:
I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach:
“Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht
4. Leasaítear alt 9 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):
"(2A) (a) Déanfaidh an tAire, tar éis comhchomhairle a dhéanamh leis an gCoiste Comhairleach, agus tráth nach déanaí ná bliain tar éis an fhoráil seo a achtú, tuarascáil a ullmhú agus a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais ina leagfar amach moltaí sonracha agus amchlár chun a chi…
SF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Tairgim leasú Uimh. 61:
I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach:
“Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht
4. Leasaítear alt 9 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (3), trí ", lena n-áirítear aon ábhar margaíochta de chuid an chomhlachta nó aon ábhar lena ndéantar margaíocht ar an gcomhlacht poiblí féin nó ar a chuid seirbhísí," a chur isteach i ndiaidh "chun faisnéis".
SF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Tairgim leasú Uimh. 62:
4. Leasaítear alt 9 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):
“(4) Cuirfidh comhlacht poiblí an pobal ar an eolas, trí thairiscint ghníomhach, faoi na seirbhísí a fhéadfaidh daoine a fháil uaidh trí mheán na Gaeilge.”.”
Gheall an tAire Stáit dúinn agus muid ag plé seo roimhe seo go ndéanfadh sé tairiscint ghníomhach a thabhairt isteach maidir leis na seirbhísí Gaeilge. Is é sin go mbeadh dualgas ar chomhlachtaí poiblí a fhógairt don phobal go bhfuil…
SF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Aire Stáit, le Ruadhán agus leis an bhfoireann ar fad sa Roinn a bhí ag déileáil leis seo. In ainneoin nár aontaigh muid ar gach rud, tá an Bille seo i bhfad Éireann níos fearr ná mar a bhí nuair a smaoiníodh air ar dtús in 2013. Táimid tar éis céim chun tosaigh a ghlacadh. Tá sé i bhfad Éireann níos fearr dó bheith níos fearr. Sin an fáth go raibh leasuithe agam. Cosúil le gach duine eile, gabhaim mo bhuíochas le hOifig na mBillí go háirithe as an obair a rinneadar ag…
SF
2021-10-05 · Dail
· Gaeilge
Cúrsaí Gaeilge
Baineann an cheist seo leis an tuairisc ó mo choiste féin, an Comhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, dar teideal Todhchaí na gColáistí Samhraidh agus an Tacaíocht atá á hIarraidh ina Leith. Seoladh an tuairisc seo chuig gach uile Comhalta an tseachtain seo caite. Tamall de sheachtainí ó shin, sheol muid na moltaí chuig an Aire, chuig an Aire Airgeadais agus chuig an Aire Stáit, an Teachta Chambers, chun cinnte a dhéanamh go raibh siad ar an eolas faoi na moltaí ionas go …
SF
2021-10-05 · Dail
· Gaeilge
Cúrsaí Gaeilge
Tá aitheantas ag dul don Aire Stáit, dar ndóigh, agus don Rialtas as an mbeartas a rinne siad maidir le hallaí pobail agus mná tí tar éis feachtas uathu sin ag lorg cuidithe. Sa chás seo, is iad na coláistí samhraidh féin atá, i roinnt cásanna, i ngéarchéim toisc gur gá dóibh airgead a chaitheamh bliain i ndiaidh bliana agus gan aon teacht isteach acu. Is éarlais a bhí in aon airgead a bhí acu agus bhí orthu é a íoc ar ais. Tugadh roinnt cuidithe dóibh in 2020 ach in 2021, ní raibh aon ioncam ann. Má tá rúnaíocht n…
SF
2021-10-05 · Dail
· Gaeilge
Cúrsaí Gaeilge
Is blianta as an ngnáth atá ann ach bhí CONCOS agus Gael Linn os comhair an chomhchoiste agus bhí eolas eile curtha isteach. Tháinig 22 moladh as an méid a bhí le rá acu. Ina measc sin, bhí gá cúnamh a thabhairt dóibh toisc go raibh roinnt acu i mbaol dúnadh toisc nach raibh aon ioncam ceart acu le dhá bhliain anuas. Ba mhór an trua é sin. Tá a lán eile gur féidir linn a dhéanamh. Ba chóir go mbeimis ag ardú na ndeontas atá ar fáil i bhfad oiread níos mó ná mar atá. Caithfimid aitheantas a thabhairt don obair atá d…
SF
2021-09-30 · Dail
Defence Forces
My question is how many protected disclosures relating to the Defence Forces have been made to the Minister or previous Ministers for Defence in the past ten years, and the subject matter concerning those protected disclosures. I understand the Minister cannot go beyond that, but I will follow up with a further question.
SF
2021-09-30 · Dail
Defence Forces
The linked question, No. 103, asked if the Minister's attention has been drawn to any members of the Defence Forces who have made protected disclosures to him or his Department and who have been victimised as a consequence, and the action taken to give those whistleblowers full protection. I know of one whistleblower who was discharged on Monday. The reason for his discharge was he was regarded as a maligner and an idler. I will not disclose his name because I have not spoken to him directly to allow this. He is no…
SF
2021-09-30 · Dail
Defence Forces
I understand that, and that is why I was trying to be careful in my own comments that I was not identifying, but I know of some of these protected disclosures and what is contained in them because they have made them to me or to other Members of this House. Some of these disclosures relate to the Air Corps and some to the Army. Some of them have been found to be correct in the information they presented to Ministers, yet no action seems to have been taken.
I presume the Minister accepts it is a big step for somebod…