Fáiltím roimh an díospóireacht anseo inniu agus an deis chun cúrsaí Gaelainne a chur chun cinn. Ar ndóigh, ní hamháin i rith Sheachtain na Gaeilge a bhíonn gá cúrsaí teanga a thabhairt chun cinn, ach go minic i rith na bliana chomh maith. Fáiltím roimh an deis inniu. Tá Fianna Fáil gníomhach le fada an lá ó thaobh cúrsaí teanga. Mar shampla, in 2003, thugamar Acht na dTeangacha Oifigiúla chun cinn. Rinneadh leasú ar an Acht sin le blianta beaga anuas, agus spriocanna móra cosúil leis an sprioc go mbeidh 20% d'earca…