Tá an suim agam gur luaigh an t-Aire Stáit Oileán Chléire chomh maith mar, arís, is pobal é de dhaonra beag agus más rud é go bhfuil an t-údarás ag scaipeadh a chuid maoinithe de réir an daonra, bheadh a leithéid d'Oileán Chléire agus gach aon phobal eile faoi mhíbhuntáiste dá réir. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh an t-údarás ábalta tograí mór le rá agus tábhachtacha a aithint agus an chuid maoinithe a chur ar fáil chucu, Coláiste Íosagáin ina measc. Caithfidh teachtaireacht shoiléir a bheith ann go mbeidh maoiniú…