Glacaim leis go bhfuil rudaí ag tarlú anseo agus nach bhfuil an comhairliúchán agus an deis ag pobal ach díreach tar éis dúnadh ansin le cúpla lá anuas. Tá sé deacair é go léir a thabhairt le chéile go tapa ach tá brú ama ann. Tá an t-am ag sleamhnú i gcomhair clárúcháin agus gan dabht beidh tuismitheoirí agus pobal na Gaeltachta ag iarraidh pleanáil i gcomhair an tsamhraidh amach rompu. Tá sé soiléir nach mbeidh an gnáthchóras ann ach go mb’fhéidir go mbeadh cúrsaí laghdaithe i mí Lúnasa. Mar sin, tá sé fíorthábha…