Táim tar éis é seo a rá sa Teach seo cúpla uair anois. Nuair a thosaíonn daoine le míchumas ag obair, tá seans go gcaillfear an pas saor in aisce don taisteal. Níl sé sin féaráilte ar chor ar bith. Níl sé cothrom. Má táimid ag iarraidh go mbeidh an méid is mó daoine le míchumas gur féidir leo a bheith san fhórsa oibre páirteach ann, bheadh sé i bhfad níos fearr mura raibh siad chun an pas sin a chailliúint. Le bheith ionraic, má táimid ag iarraidh é sin a chinntiú – bhí mé ag caint leis an Aire, an Teachta Calleary…