Déanaim comhghairdeas leis an Aire. Is onóir an-mhór é a bheith roghnaithe mar Aire Rialtais. Ba cheart dó féin agus dá mhuintir a bheith fíorbhródúil as an éacht seo. Tá áthas orm labhairt sa díospóireacht seo. Tá sé fíorthábhachtach go bhfuil Seachtain na Gaeilge againn gach bhliain agus go bhfuil ráitis tiomnaithe di sa Dáil. Chuala mé píosa gairid ar "Drivetime" ar RTÉ inné. Bhí Caitríona Ní Chualáin, láithreoir le TG4, ag rá go raibh sí ag streachailt chun cead pleanála a fháil ó Comhairle Chontae na Gaillimhe…