Ba mhaith liom mo dhíomá agus mo chuid feirge a chur in iúl go bhfuil sé leagtha amach go mbeidh díospóireacht srianta againn amárach ar feadh trí uair agus fiche nóiméad. Tá sé sin scannalach agus maslach agus nílimid chun glacadh leis. Níl sé féaráilte. Táimid ag fanacht leis an mBille le fada. Níl a fhios agam cé chomh fada agus atáimid ag fanacht - ag dul siar go dtí 2015 - agus fós, níl na leasuithe feicthe againn sa bhunpháipéar. Níl sé foilsithe fós ag Oifig na mBillí agus níl locht ar bith uirthi. Tá an loc…