Maíodh san abairt deireanach ansin "go bhfuil athbhreithniú idir lámha ag an údarás ar na córais". Fáiltím roimhe sin. Cén uair a bheas an t-athbhreithniú sin críochnaithe? Bhain mo cheist le hÚdarás na Gaeltachta agus bhain sí go sonrach leis an dteagmháil a bhí ag an Aire Stáit leis. An bhfuil an t-údarás sásta, nó níos tábhachtaí fós, an bhfuil an tAire Stáit sásta go bhfuil an córas monatóireachta cuí don fheidhm? Mar is eol don Aire Stáit, tá trionóid de fhreagrachtaí ag Údarás na Gaeltachta. Is iad sin fostaí…