Tá sé dochreidte agus, i ndáiríre, osréalach a bheith anseo i mbun díospóireachta agus dhá óráid ón Taoiseach agus ó cheannaire Fhianna Fáil gan tagairt, beag ná mór, don ghéarchéim atá ag tarlú ar an teorainn idir an Ghréig agus an Tuirc. Tá sé deacair glacadh leis sin. I mo thuairim, díríonn sé sin an spotsolas ar ár mbréagchráifeacht agus ar an gcur i gcéill atá ar siúl againn mar rialtas. Níl muinín agam go bhfuil muid in ann ár nguth a úsáid mar uirlis síochána sa domhan. A mhalairt atá i gceist. Tá muid ag ta…