Is mian liom filleadh ar mhuintir na Palaistíne agus an cinedhíothú atá ar siúl ag Rialtas Iosrael faoi láthair. I ndáiríre, is sléacht gan trua gan taise atá ar siúl. Inné, bhain an Taoiseach úsáid as focail láidre, cáinteacha maidir le hIosrael agus cuirim fáilte roimh na focail sin. Ar ndóigh, dúirt an tAire, an Teachta Coveney, gur stáit bradach é Iosrael agus cuirim fáilte roimhe sin freisin. Tá rud eile ag teastáil go géar áfach, agus is é sin leadership. Is é sin an rud atá ag teastáil go géar anois agus bea…