Fáiltím an méid a dúirt an tAire sa mhéid go bhfuil sé sásta é seo a phlé agus an comhrá seo a bheith againn mar is rud casta é conas is féidir é sin a chur síos i reachtaíocht ionas go bhfuil sé féaráilte agus cothrom. Deirimse i gcónaí go bhfuil na toghthóirí géarchúiseach nó i mBéarla "the electorate is very discerning". Beidh a fhios ag pobal na Gaeltachta agus iad ag caitheamh a gcuid vótaí más interloper atá i gceist nó más duine atá ag cur amú ama agus níl suim acu ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na Gaelta…