← All members
Conor D. McGuinness
Rhetoric & votes →
Waterford
· active 2025-02-05 to 2026-09-22
484Contributions
386Votes cast
2.3%On prevailing side
126Tá
257Níl
3Staon
On prevailing side: this member voted
with the winning side in 9 of
383 decisive votes
(3 abstentions
excluded). Read it as a government-or-opposition indicator rather than a
measure of influence — the figure is near 100% for members supporting the
government of the day and near 0% for those opposing it.
Party:
SF
2024-11-29–present
Record
SF
2026-05-27 · Dail
· Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Tá muinín againn inár bpobail Ghaeltachta nó níl. Tá muinín againn sna daoine a dtoghfar nó níl an mhuinín sin againn. Caithfidh an Rialtas muinín a léiriú. Má táimid dáiríre mar gheall ar thoghcháin don údarás a thabhairt ar ais, caithfimid a thuiscint go bhfuil saoirse ag an Aire agus ag an Rialtas an rud ceart a dhéanamh. In ionad a rá arís agus arís eile gur bord Stáit é seo, go gcaithfidh na rialacha a bheith daingean agus go gcaithfimid cúlú ón daonlathas chomh fada agus is féidir, bíodh fís ag an Aire. Conas…
SF
2026-05-27 · Dail
· Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Tairgim leasú Uimh. 9:
Ar leathanach 11, an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh líne 34:
“(2G) Ní bheidh sé nó sí intofa más comhalta den Dáil, den Seanad, de Pharlaimint na hEorpa nó d’údarás áitiúil é nó í. I gcás go dtoghfar an duine chun na Dála, chun an tSeanaid, chun Parlaimint na hEorpa nó chun údaráis áitiúil fad is atá sé nó sí ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás, déanfaidh an tAire an liosta cúltaca atá luaite i bhfo-alt (2F) a úsáid chun comhalta nua a roghnú le teacht i gcomharbacht air nó u…
SF
2026-05-27 · Dail
· Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Tairgim leasú Uimh. 10:
[ Ar leathanach ]13, idir líne 3 agus líne 4, an méid seo a leanas a chur isteach:
“ “(7A) Féadfaidh an tÚdarás leas i maoin agus réadmhaoin a cheannach nó a fháil ar mhaithe le tithíocht, seirbhísí, nó áiseanna sóisialta nó cultúir a chur ar fáil ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis.”.
Baineann na leasuithe seo leis an ábhar is práinní sa Ghaeltacht, is é sin, cúrsaí tithíochta, agus muid ag triail ról a chruthú don údarás i dtreo réiteach na faidhbe. Tréaslaím le B…
SF
2026-05-27 · Dail
· Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Tá sé ráite agam agus ag roinnt Teachtaí eile anseo cheana féin gurb í an ghéarchéim tithíochta an riosca is mó dár gceantair Ghaeltachta. Tá ár gceantair Ghaeltachta i mbaol de dheasca easpa tithíocht inacmhainne, tithe sóisialta agus cead pleanála do dhaoine gur mhaith leo cur fúthu ina gceantair dhúchais Ghaeltachta. Gan daoine a bheith in ann tithe a thógáil, níl siad in ann clanna a thosú ná a thógáil sna ceantair Ghaeltachta agus caillimid glúin. Nuair atá glúin caillte ag ceantar Gaeltachta, mar atá ag tarlú…
SF
2026-05-27 · Dail
· Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Dúirt an tAire ansin, “There are other quicker ways to do it”, ach ní fheictear dúinn iad. Níl aon dul chun cinn déanta le linn ré an Aire, le linn ré a pháirtí nó le linn ré a chomhghleacaithe Rialtais, Fine Gael. Tá sé seo ag cur isteach ar na ceantair Ghaeltachta. Tá muid ag iarraidh go mbeadh na cumhachtaí breise seo ag an údarás ionas gur féidir leis ról a imirt i réiteach na géarchéime tithíochta sa Ghaeltacht. Ní dóigh liom go bhfuil aon duine sa Seomra seo ag rá gurb é an t-údarás an t-aon dream a bheidh lá…
SF
2026-05-27 · Dail
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
That is why I was waiting on Deputy Hearne to hop in.
SF
2026-05-27 · Dail
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Tairgim leasú Uimh. 14:
Ar leathanach 13, líne 4, “nó teach” a chur isteach i ndiaidh “talamh”.
SF
2026-05-27 · Dail
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Tairgim leasú Uimh. 15:
Ar leathanach 13, líne 4, “, a léasú nó a ligean” a chur isteach i ndiaidh “a dhíol”.
SF
2026-05-27 · Dail
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Can I speak to those amendments, even briefly?
SF
2026-05-27 · Dail
· Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Tairgim leasú Uimh. 21:
Ar leathanach 13, idir líne 27 agus líne 28, an méid seo a leanas a chur isteach:
“(c) Oifigeach Pleanála Teanga a bheidh ag obair sa limistéar arb ina leith a bhunófar an coiste réigiúnach.”.
Tá an leasú seo an-simplí. An sprioc atá againn ná a chinntiú go mbeadh oifigigh pleanála teanga áitiúil i measc na mball ar na coistí réigiúnacha atá luaite sa Bhille. Is é sin le rá go mbeadh na daoine atá fostaithe ag na comharchumainn agus atá faoi stiúir Údarás na Gaeltachta chun pleananna pobalbh…
SF
2026-05-27 · Dail
· Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Is cúis díomá é nach bhfuil an tAire sásta glacadh leis seo. Mar a dúirt mé, sílim go ritheann sé le ciall. Tá réasún ag baint leis an gceist áirithe seo. In an-chuid boird Stát agus an-chuid coistí deonacha agus coistí reachtúla, tuigimid má tá ceisteanna ag teacht aníos le linn cruinnithe coiste nó cruinnithe boird agus má tá coimhlint leasa ann nó faoi baol go mbeadh, gur féidir le daoine seasamh amach.
Dá mba rud é go raibh rud éigin le plé ag na coistí réigiúnacha a bhaineann le tuarastal na n-oifigeach pleaná…
SF
2026-05-27 · Dail
· Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Ní ghlacaim leis sin i slí amháin. Nóiméad amháin tá an tAire ag rá nach féidir leis na coistí réigiúnacha seo a gcuid gnó a dhéanamh i gceart gan ionchur ó na hoifigigh phleanála teanga, agus aontaím leis sin. An nóiméad eile, áfach, tá an tAire ag rá nach gá dúinn é sin a chur síos sa reachtaíocht. Sin an jab atá á dhéanamh againn faoi láthair. Seo an jab atá os ár gcomhair anois, chun an píosa reachtaíochta seo a chur i gcrích.
Táimid ar an taobh seo den Teach ag rá gur cheart go mbeadh cinnteacht ann go mbeadh …
SF
2026-05-26 · Dail
Ceisteanna ó Cheannairí - Leaders' Questions
It is illegal to trade with occupied territories.
SF
2026-05-26 · Dail
Ceisteanna ó Cheannairí - Leaders' Questions
So defend against the attacks.
SF
2026-05-21 · Dail
Rural Schemes
More than 2,200 pubs have closed across the State since 2005, with closures now accelerating to around 128 per year. In rural areas, the pub is often far more than a business. It is a meeting place, a social hub and a venue for music, sport and local culture. It is sometimes the last remaining indoor public gathering space in a village or rural community. Does the Minister share my concern at the scale of rural pub closures? What engagement has he had with the Minister for Enterprise, Tourism and Employment on prot…
SF
2026-05-21 · Dail
Rural Schemes
The Minister is correct that the supports are matters primarily for the Ministers with responsibility for enterprise, finance and taxation and that they fall under enterprise, taxation, tourism and hospitality policy. However, as he acknowledged, rural pubs also sit squarely under rural development. When a rural pub closes, the impact is not just limited to the licence holder or business. It is not just the loss of enterprise, economic activity and employment. The community loses its social anchor in many respects.…
SF
2026-05-21 · Dail
Rural Schemes
I am glad to hear the Minister mention rural transport because that is often a key factor in accessing pubs in rural Ireland. It speaks to the need to see this not just as a matter of taxation, licensing or enterprise support but, rather, as a matter of safeguarding and maintaining rural community infrastructure. Has the Minister raised this directly with the Minister for Enterprise, Tourism and Employment, Deputy Burke? Has he had a specific conversation about this issue? Will he seek targeted measures or a packag…
SF
2026-05-21 · Dail
· Gaeilge
Cúrsaí Tithíochta
Cuirfidh mé ceist ar an Aire faoi mholtaí an Rialtais maidir le tithíocht sa Ghaeltacht agus faoin ráiteas nó straitéis pleanála Gaeltachta atá geallta le fada. Tá géarchéim thithíochta ag brú daoine óga agus teaghlaigh óga amach ó mo cheantar féin. Gan tithíocht, ní bheidh pobal inmharthana againn. Gan pobal inmharthana, ní bheidh todhchaí ag an nGaeilge mar theanga bheo phobail. Cathain go díreach a fhoilseofar na moltaí agus an ráiteas pleanála?
SF
2026-05-21 · Dail
· Gaeilge
Cúrsaí Tithíochta
Tá sé ráite ag an Aire go bhfuil obair idir-rannach ar siúl agus is léir go bhfuil. Tá cúrsaí pleanála, údaráis áitiúla agus an Roinn tithíochta luaite aige. I dtaobh na fianaise ar an talamh, tá pobal na Gaeltachta tar éis fanacht rófhada cheana féin. Cé go raibh sé geallta arís ag deireadh na bliana seo caite sa phlean tithíochta, níl tásc ná tuairisc ar an straitéis nó ráiteas sin. Níl sé feicthe againn. Tugaim faoi deara nár thug an tAire aon dáta daingean dúinn faoina mbeidh sé foilsithe. Glacaim leis go mbain…
SF
2026-05-21 · Dail
· Gaeilge
Cúrsaí Tithíochta
Is cúis le frustrachas sna pobail Ghaeltachta seo an mhoill ar an straitéis nó an ráiteas, mar a dtugtar air anois. Ba cheart go mbeidh roinnt mhaith oibre déanta idir an dá Roinn le blianta anuas mar bhí sé seo geallta blianta ó shin. Athghealladh é anuraidh. Tá an tAire ag rá nach bhfuil sé éasca agus tuigim é sin ach cad iad na pointí easaontaithe? Muna bhfuil sé aontaithe idir an Aire agus an Aire tithíochta, cad iad na pointí nach raibh siad in ann aontú orthu go fóill? Cad iad na coimhlintí atá ann idir an dá…