Déanaim comhghairdeas leis an gCeann Comhairle as a cuid Gaeilge. Tá sí ag éirí níos láidre. Ag cloisteáil na díospóireachta inniu, bhí sé suimiúil go raibh a lán daoine ag gabháil leithscéalta as a gcuid Gaeilge. Níl aon ghá leis sin. Is ceart go n-úsáideann muid í sa Teach seo agus sa Teach eile. Ba cheart go mbeadh muid in ann í a úsáid ar lá ar bith, ní hamháin le linn Sheachtain na Gaeilge. Déanaim comhghairdeas leis an dhá chlub Chumann Lúthchleas Gael, An Ghaeltacht agus Daingean Uí Chúis, as na buanna a bhí…