Mar fhreagra ar an leasú sin, mar gheall go bhfuil na baill sin páirteach agus tofa go dtí an údarás nó an chomhairle áitiúil, beidh taithí acu maidir leis na cúrsaí áitiúla le haghaidh Údarás na Gaeltachta. Tuigim go mór gur rud maith é go mbeidh deis acu agus níl barántas ann go dtoghfar iad mar gheall gur comhairleoirí iad. B'fhéidir gur míbhuntáiste é agus ag éisteacht leis an Teachta Gallagher, ní dhéantar daoine cosúil leis a thuilleadh - bhí sé ina Aire, ina chomhairleoir contae agus ina Theachta ag an am cé…