Freagróidh mé an cheist i nGaeilge, ach ós rud é nach bhfuil mo chuid Gaeilge chomh láidir is atá Gaeilge an Teachta Connolly, freagróidh mé aon cheist bhreise i mBéarla. Is prionsabal bunúsach inár gcóras oideachais é go bhfuil leibhéal ard neamhspleáchais ag institiúidí ardoideachais. Ní féidir leis an Rialtas a rá leo cad é atá le teagasc ná an chaoi le dul i mbun teagaisc. Ina áit sin, oibríonn an córas ar bhonn freagrúlachta do riachtanais agus éilimh i gcomhthéacs an chreata maidir le córas feidhmíochta an Úd…