Gabhaim buíochas leis an Teachta Ó Snodaigh agus leis an gCathaoirleach Gníomhach as ucht na ceiste seo. Freagróidh mé i nGaeilge í, ach ós rud é nach bhfuil mo chuid Gaeilge chomh láidir le Gaeilge an Teachta Ó Snodaigh, rud a bhfuilim ag obair go dian air chun feabhas a chur air, freagróidh mé na ceisteanna forlíontacha i mBéarla agus cuirfidh mé na freagraí ar aghaidh chuig an Teachta i nGaeilge ina dhiaidh sin. Tá ról tábhachtach ag ár gcóras ardoideachais maidir le tacú le húsáid na Gaeilge agus í a chur chun …