Cuirim fáilte mhór roimh an Aire, an Teachta Catherine Martin, agus an Aire Stáit, an Teachta Chambers. Cuirim fáilte roimh an bplé ar an nGaeilge agus an teanga atá ar bun inniu. Tréaslaím le coiste Ghaeilge an Oireachtais as an sárobair atá ar siúl faoi stiúir an Teachta Calleary. Leagann mo chomhghleacaí, an Seanadóir Ward, béim ar an teanga leis an nGaeilge atá á húsáid aige sa Teach agus go laethúil. Tá bród orm mar gheall ar an obair atá á déanamh ag an Seanadóir Ward. Is linn ar fad an Ghaeilge agus is deis …