Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach Ghníomhach. Tá an Ghaeilge go flúirseach aici. Déanaim comhghairdeas le gach Ball a bhí páirteach sa díospóireacht iontach seo. Cloisim gach Seanadóir agus na smaointe a roinn siad liom. Tá an ceart ag Senator Higgins go bhfuil Raidió na Life go hiontach agus tá na hamhráin agus an ceol ar Raidió na Gaeltachta ar fheabhas ar fad freisin. Caithfidh mé a rá gur breá an rud é dom deis a bheith agam labhairt leis an Teach i dteanga na tíre seo agus teanga atá á labhairt, á foghla…