Gabhaim buíochas leis an gCeann Comhairle. I dtús báire, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do na príomhoidí uile, na tuismitheoirí, na daltaí scoile, na déagóirí agus an méid scoileanna atá i gceist maidir leis an tionchar suntasach atá i gceist leis na cásanna Covid-19. Chomh maith leis sin, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do na daoine uile as an cheannaireacht agus do na hoifigí uile sa Rialtas agus sa Roinn Sláinte agus mo Roinn féin as na rudaí suntasacha atá bainte amach ag an Roinn Oideachais agus S…