I move: "That the Bill be now read a Second Time." Inniu táimid bailithe le chéile chun dul i ngleic le héigeandáil nár tharla riamh roimhe seo. Sular phléimid an éigeandáil seo, ba mhaith liom ómós a thabhairt dóibh siúd go léir a tháinig le chéile ar aon chéim leis an iarracht náisiúnta ollmhór seo. Is meitheal é. Ag obair ar scáth a chéile a mhaireann na daoine: ár bhfoireann chúram sláinte, ár státseirbhísigh, daoine atá ag obair sna húdaráis áitiúla, daoine atá ag obair go deonach, Óglaigh na hÉireann, An Gard…