Is breá liom Seachtain na Gaeilge. Is maith liom a bheith ag éisteacht le gach duine agus iad ag caint as Gaeilge. Tá Gaeilge álainn san Oireachtas seo. Níl a lán Gaeilge agam agus níl a lán confidence agam caint as Gaeilge ach is breá liom páirt a ghlacadh sa díospóireacht seo inniu. Agus mé ag tabhairt faoin óráid seo a scríobh, thug mé faoi deara go mbeadh gá le téarmaíocht nár fhoghlaim mé ar scoil. Ionas go mbeadh ciall leis an méid a déarfainn, bhí orm téarmaí nua a fhoghlaim, téarmaí ar nós “díth ábhartha”, …