D’fhreastail mé ar chruinniú de chuid BÁNÚ aréir i Ros Muc agus bhí breis agus 100 duine ann. Bhí daoine ag plé cúrsaí pleanála agus bhí fearg le braith sa seomra sin. Tuigim dóibh cén fáth mar gheall nach bhfuil aon duine i gConamara in ann teach a thógáil, a cheannach nó a fháil ar cíos. Tá ceithre éileamh ag BÁNÚ. Is iad na héilimh atá aige ná go mbeadh cumhacht reachtúil ag Údarás na Gaeltachta chun déileáil le cúrsaí tithíochta. Chuir Sinn Féin €10 milliún sa bhuiséad malartach a bhí againn mar airgead caipiti…