Táimid ag ardú cheist maoinithe Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Tuigeann chuile dhuine nach bhfuil a dhóthain airgid á fháil ag Comhairle Chontae na Gaillimhe le blianta fada. Feictear é sin go soiléir sna bóithre agus na droichid i gConamara. Fiú inniu, tá Bóthar Chuan na Luinge faoi uisce arís. Sílim go bhfuilimid ar fad ar aon intinn ar an gceist seo. Tuigeann chuile dhuine go dteastaíonn tuilleadh airgid agus sílim ón méid atá ráite ag an Rialtas cheana go bhfuil sé sásta breathnú ar an gceist seo agus cabhrú …