Ba mhaith liom an bád lasta, nó cargo ship, a fhreastalaíonn ar Inis Meáin a ardú leis an Taoiseach. Bhí muintir Inis Meáin i dteagmháil liom ag rá nuair a bhris an aimsir anuraidh gur fágadh iad le droch-sheirbhís. Chaill siad suas le hocht dturas idir Deireadh Fómhair agus an Nollaig. I mbliana tá siad tar éis turas amháin a chailleadh cheana féin. Faigheann an Bád seo fóirdheontas ón Rialtas agus tá gnólachtaí Inis Meáin agus muintir Inis Meáin ag brath air. Iarraim ar an Taoiseach é sin a fhiosrú.