Tagraím do leasú Uimh. 21. Má dhéantar teagmháil le duine as Gaeilge, ba chóir go bhfaighfí freagra as Gaeilge. Tá súil agam go gcuirfidh an leasú seo críoch leis an nós go n-insítear do dhuine go bhfuil an leaid le Gaeilge ar lón faoi láthair. Ba mhaith liom léim timpeall na háite beagáinín. Táimid ag plé leasú Uimh. 65, mar aon leis an leasú seo agus ba mhaith liom díriú isteach ar alt (d) ó Uimh 65, "Maidir leis an bhfógraíocht a dhéanann comhlacht poiblí ... cinnteofar go ndéanfar 5 faoin gcéad di ar na meáin d…