Sewage, gabh mo leithscéal. Níl an t-eolas sonrach agam ach déanfaidh mé fiosrú ar an gceist. Is olc an scéal é nach bhfuilimid in ann dul ar aghaidh leis na seomraí breise. Déanfaidh mé fiosrú leis an mbardas agus leis an Aire féachaint an féidir linn rud éigin a dhéanamh go gearrthéarmach chun infreastruchtúr a chur i bhfeidhm agus slí a aimsiú chun go mbeimid in ann na seomraí breise a chur ar fáil.