Nuair a bhreathnaímid ar ról an údaráis go dtí seo agus poist á gcruthú aige, is dócha go bhfuil sé deacair poist a chruthú nuair nach bhfuil éinne ann chun obair sna poist sin. Go dtí seo, bhí mise ag ceapadh an t-am ar fad go raibh na cumhachtaí sin ag na comhairlí áitiúla ó thaobh cead pleanála de agus ó thaobh pleanáil timpeall an chontae, go háirithe sna contaetha sin a bhfuil Gaeltacht iontu. Is léir, áfach, nach raibh na comhairlí contae go dtí seo ag déanamh idirdhealú idir an Ghaeltacht agus áiteanna eile …