◎ OireachtasDB

← All members

ND

Niall Ó Donnghaile

Rhetoric & votes →
Administrative Panel · active 2020-01-21 to 2023-07-13
810Contributions
237Votes cast
8.9%On prevailing side
157Tá
80Níl

On prevailing side: this member voted with the winning side in 21 of 237 decisive votes (0 abstentions excluded). Read it as a government-or-opposition indicator rather than a measure of influence — the figure is near 100% for members supporting the government of the day and near 0% for those opposing it.

Party over time

This is the point of the site: contributions keep the party held on the day, not the one held now.

PartyRecorded asContributionsPeriod
SF Sinn Féin 810 2020-01-21 – 2023-07-13

Membership spells on record: SF 2016-04-25–2020-03-29 · SF 2020-03-30–2024-01-22

Record

SF 2021-12-08 · Seanad
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Report and Final Stages

Tairgim leasú Uimh. 3: I leathanach 11, líne 6, an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “a bheidh an chumarsáid.”: “I gcás gur i nGaeilge agus i mBéarla a bheidh an chumarsáid, cinnteoidh an comhlacht poiblí: (a) go mbeidh an téacs i nGaeilge ann ar dtús; (b) go mbeidh an téacs i nGaeilge chomh feiceálach, chomh sofheicthe agus chomh hinléite céanna leis an téacs i mBéarla agus sa chlófhoireann chéanna agus den chló céanna agus den stíl chéanna; (c) nach mbeidh na litreacha sa téacs i nGaeilge níos lú, ó thao…

SF 2021-12-08 · Seanad
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Report and Final Stages

Tairgim leasú Uimh. 8: I leathanach 17, idir línte 15 agus 16, an méid seo a leanas a chur isteach: “Caighdeáin teanga sa tsainfháil phoiblí agus sa rialáil 9F. I gcás go ngabhfaidh comhlacht poiblí do phróiseas sainfhála poiblí, nó do rialáil ar earnáil seirbhíse ar leith, lena bhféachfaidh an comhlacht poiblí, lena n-áirítear rialálaí Stáit, le conradh nó ceadúnas a dhámhachtain as seirbhís phoiblí a sholáthar, ní foláir don chomhlacht poiblí sin a chinntiú go ndéanfar breithniú cuí ar chumas an pháirtí faoi chon…

SF 2021-12-08 · Seanad · Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Report and Final Stages

Is leasú é seo a bhí curtha ar an gcéad dul síos ag an Seanadóir Higgins chun dul i ngleic leis an bpríobháidiú atá á dhéanamh ar sheirbhísí bunúsacha fud fad an Stáit. Gan seirbhísí bunúsacha a bheith á soláthar ag an Stát, níl aon srian ann chun a chinntiú go mbeidh freastal ar Ghaeilgeoirí. Chuir an Seanadóir Higgins an sampla de na seirbhísí fostaíochta áitiúla in iúl dúinn agus thug mo chomhghleacaí, an Seanadóir Gavan, agus a lán Seanadóirí neamhspleácha agus ó na páirtithe eile tacaíocht di ar an bpointe sin…

SF 2021-12-08 · Seanad · Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Report and Final Stages

Ba mhaith liom a bheith cinnte faoi seo in áit a bheith muiníneach faoi, mar atá ráite ag an Aire Stáit. Má tá sé in ord, ba mhian liom leasú Uimh. 8 a bhrú.

SF 2021-12-08 · Seanad · Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Report and Final Stages

Mar gheall ar an méid atá ráite ag an Aire Stáit agus maidir leis an méid atá leasú Uimh. 9 ag iarraidh a bhaint amach, tá mise sásta leasú Uimh. 10 a tharraingt siar.

SF 2021-12-08 · Seanad · Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Report and Final Stages

Tairgim leasú Uimh. 10: I leathanach 17, líne 22, “d'aon fhógraíocht arna déanamh ag an gcomhlacht” a scriosadh agus “d'aon bhuiséad fógraíochta a úsáidfidh an comhlacht” a chur ina ionad.

SF 2021-12-08 · Seanad
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Report and Final Stages

Tairgim leasú Uimh. 11: I leathanach 19, idir línte 29 agus 30, an méid seo a leanas a chur isteach: “(5) Beidh an tAire agus an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe freagrach do Thithe an Oireachtais as feidhmiú agus obair an Choiste Chomhairligh.”.

SF 2021-12-08 · Seanad · Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Report and Final Stages

Is leasú é seo a mhol an Seanadóir Kyne ar Chéim an Choiste ach a tharraing sé siar in ainneoin nach raibh éisteacht ar bith ar an drochuair tugtha ag an Aire Stáit dó. Dúirt sé ag an am nach raibh sé sásta é a tharraingt siar agus go raibh díomá air faoin easpa suime a chur an tAire Stáit sa leasú ag an am fosta. D'iarr sé ar an Aire Stáit a leasú féin a thabhairt isteach ar an staid seo chun freagracht an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a chinntiú, ach ní dhearna an tAire Stáit tabhairt faoi sin. Thaca…

SF 2021-12-08 · Seanad · Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Report and Final Stages

I dtaca leis an leasú seo, geallaim do chomhghleacaithe nach bhfuilim ag imirt cluichí polaitiúla leis seo. Is ábhar polaitiúil é nuair nach bhfuil an Rialtas ag déanamh an méid agus is féidir leis agus ba cheart dó a dhéanamh i dtaca leis an ábhar seo. Níl mise ach ag athrá rudaí a bhí ráite ar Chéim an Choiste. Mar gheall ar sin, sílim gur b’fhiú an leasú seo. Neartaíonn sé an reachtaíocht agus beidh mé á bhrú.

SF 2021-12-08 · Seanad · Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Report and Final Stages

Tairgim leasú Uimh. 12: I leathanach 25, líne 14, “gach 5 bliana tar éis an lae bunaithe” a scriosadh agus “bliain amháin tar éis an lae bunaithe agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin” a chur ina ionad.

SF 2021-12-08 · Seanad · Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Report and Final Stages

Arís, is leasú é seo a mhol an Seanadóir Seán Kyne. Tá súil agam, i ndáiríre, nach bhfuil sé chun vótáil in éadan a chuid moltaí go léir díreach toisc go bhfuil neamhaird déanta orthu ag an Aire Stáit ar an drochuair. Thacaigh Sinn Féin leis an leasú seo an uair dheireanach. Is leasú iontach simplí é chun a chinntiú go ndéanfar eolas a chur ar fáil faoi dhul chun cinn an phlean náisiúnta agus an sprioc 20% faoi 2030 ag tús an phróisis, trí bliana ina dhiaidh agus arís trí bliana ina dhiaidh sin. Mar a dúirt an Sean…

SF 2021-12-08 · Seanad · Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Report and Final Stages

Níor mhian. Tá díomá orm. Mar a dúirt mé, tá an leasú seo thar a bheith réasúnta agus sílim gur féidir linn é seo a dhéanamh. Tá sé ráite ag an Seanadóir Kyne cúpla uair maidir le leasuithe atá molta agam go bhfuil siad réitithe nó socraithe. Níl siad socraithe go dtí go bhfuil siad socraithe. Sin an fáth go bhfuil an próiseas parlaiminte seo againn. Dá mbeadh siad réitithe agus socraithe thiocfadh deireadh leis an bpróiseas sin ar Chéim an Choiste. Tá sé de dhualgas orainne cinntiú maidir leis na leasuithe seo, a …

SF 2021-12-08 · Seanad
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Report and Final Stages

Seo leasú eile a bhí molta ag an Seanadóir Kyne, ag Seanadóirí Shinn Féin agus ag an Seanadóir Clifford-Lee fosta, bunaithe ar mholadh ó Chonradh na Gaeilge. Tá áthas orm go bhfuil ainm an tSeanadóra Clifford-Lee leis an leasú seo fós agus fáiltím roimh an méid atá ráite aici inniu. Ar an drochuair, feicim go bhfuil an Seanadóir Kyne tar éis a ainm a bhaint den leasú. Tá súil agam nach ndéanfaidh na Seanadóirí sin casadh i gcoinne an chonradh ag an staid seo. Bhi oifigigh pleanála teanga fud fad na Gaeltachta ag lo…

SF 2021-12-08 · Seanad
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Report and Final Stages

Níl sé aontaithe.

SF 2021-12-08 · Seanad · Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Report and Final Stages

Fáiltím roimh an chéim seo agus fáiltím go bhfuil an reachtaíocht seo aontaithe againn. Tacaím leis an mBille. Aithním fosta go bhfuil an Bille mar atá sé anois i bhfad níos fearr ná mar a bhí nuair a tosaíodh an próiseas parlaiminte anseo san Oireachtas. Tá díomá orainn nach raibh muidne sa Seanad in ann cur leis an neartú agus an feabhsú sin ach aithním an obair atá déanta ag comhghleacaithe fud fad an Oireachtais, ag an Aire Stáit, agus ag na hoifigigh ina Roinn. Aithním cé chomh tábhachtach a bhí siad siúd amui…

SF 2021-12-07 · Seanad
Maternity-Paternity Leave for County and City Councillors: Motion

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Áire Stáit agus roimh an rún atá os ár gcomhair. I welcome the Minister of State and indicate my own support for the motion. I am delighted to co-sign it with colleagues from the administrative panel. I also note the hard work and dedication of Senator O'Loughlin in bringing the motion before us, and the initiatives she has taken, such as last week's engagement with councillors which, unfortunately, I was unable to attend because I had commitments in the Chamber. I know that it…

SF 2021-12-03 · Seanad
Health (Amendment) (No. 3) Bill 2021: Committee and Remaining Stages

Hear, hear.

SF 2021-12-03 · Seanad
Health (Amendment) (No. 3) Bill 2021: Committee and Remaining Stages

Tacaím leis an leasú. I second the amendment proposed by Senator Gavan. Senators Gavan and Boyhan have outlined the clear and coherent rationale for this. I wanted to take the opportunity, without making a Second Stage speech, to reiterate our support for-----

SF 2021-12-03 · Seanad
Health (Amendment) (No. 3) Bill 2021: Committee and Remaining Stages

I acknowledge that. The Acting Chair knows I will always follow procedure. I reiterate our support for the Bill. I was following the discussion as I was travelling down from Belfast this morning to make sure I was across it. The debate has been in keeping with the tone of the approach of this House over the course of all of these Bills that have come before us during the pandemic. In the spirit of all the discussion thus far, colleagues would agree that this is a modest ask and that this strengthens our resolve and…

SF 2021-12-03 · Seanad
Health (Amendment) (No. 3) Bill 2021: Committee and Remaining Stages

Consider it endorsed.

← Previous Page 24 of 41 Next →