◎ OireachtasDB

← All members

ND

Niall Ó Donnghaile

Rhetoric & votes →
Administrative Panel · active 2020-01-21 to 2023-07-13
810Contributions
237Votes cast
8.9%On prevailing side
157Tá
80Níl

On prevailing side: this member voted with the winning side in 21 of 237 decisive votes (0 abstentions excluded). Read it as a government-or-opposition indicator rather than a measure of influence — the figure is near 100% for members supporting the government of the day and near 0% for those opposing it.

Party over time

This is the point of the site: contributions keep the party held on the day, not the one held now.

PartyRecorded asContributionsPeriod
SF Sinn Féin 810 2020-01-21 – 2023-07-13

Membership spells on record: SF 2016-04-25–2020-03-29 · SF 2020-03-30–2024-01-22

Record

SF 2021-11-24 · Seanad · Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

Tairgim leasú Uimh. 7: I leathanach 9, idir línte 29 agus 30, an méid seo a leanas a chur isteach: “Leasú ar ailt 9, 33 agus 34 den Phríomh-Acht 4 . Leasaítear an Príomh-Acht— (a) In alt 9, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1): “(1A) (a) San fho-alt seo— ciallaíonn ‘Acht 1961’ an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1961; tá le ‘sín tráchta’ an bhrí chéanna atá leis in alt 95 (arna leasú le halt 37(a)(ii) den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1994) d’Acht 1961. (b) Tá feidhm ag an bhfo-alt seo mai…

SF 2021-11-24 · Seanad · Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

Tairgim leasú Uimh. 8: I leathanach 9, idir línte 29 agus 30, an méid seo a leanas a chur isteach: “Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht 4. Leasaítear alt 9 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3): “(4) Cuirfidh comhlacht poiblí an pobal ar an eolas, trí thairiscint ghníomhach, faoi na seirbhísí a fhéadfaidh daoine a fháil uaidh trí mheán na Gaeilge.”.”. Nuair a foilsíodh ceannteidil an Bhille seo in 2017, luaigh siad tairiscint ghníomhach ach níl aon tairiscint ghníomhach lua…

SF 2021-11-24 · Seanad · Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

De réir mar a thuigim, faigheann an leasú seo réidh leis an deis atá againn rialacháin a dhéanamh maidir le hábhar agus leagan amach fógráin, cé go bhfuil forálacha molta sa Bhille anois, toisc gur éist an tAire Stáit le hargóintí Shinn Féin sa Dáil, maidir le hábhair mhargaíochta, rud a chuimseoidh fógráin a bheith clúdaithe faoin Acht ionas go mbeidh dátheangachas i gceist. Níl aon rud sa Bhille faoi leagan amach na cumarsáide sin. D’fhéadfadh sé go mbeadh an Béarla chun tosaigh i gcló mór agus píosa beag bídeach…

SF 2021-11-24 · Seanad · Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

Tá a lán tábhachta ag baint leis an leasú seo. Le bheith ionraic, bhí sé ar intinn agam é a bhrú chun vóta mar gheall ar an méid sin tábhacht a bhaineann leis. Tá súil agam, mar atá geallta ag an Aire Stáit inniu, go dtiocfaidh sé ar ais le leasuithe ar an gcéad Chéim eile a bheidh sáite i gcuspóirí agus aidhmeanna an leasaithe seo agus na cuspóirí atá againn ar bhonn traspháirtithe, mar atá aitheanta ag an Seanadóir Kyne. Táimid go léir ag iarraidh iad a bhaint amach. Ní domsa amháin atá sé an leasú seo a tharrain…

SF 2021-11-24 · Seanad · Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

Cinnteoidh an leasú seo go ndéanfaidh comhlachtaí poiblí a gcóras IT a uasdátú chun an síneadh fada a éascú agus an ceart úsáid ainmneacha agus seoltaí i nGaeilge a chinntiú. San alt seo faoi láthair, níl aon dualgas ar an Aire faic a dhéanamh. Féadfaidh Aire comhlachtaí a fhorordú ach féadfaidh Aire gan aon chomhlacht a fhorordú agus níl aon spriocdháta faoinar gá na comhlachtaí poiblí go léir a fhorordú. Faoin leasú seo, baintear an tsolúbthacht sin den alt trí “déanfaidh” a chur in ionad “féadfaidh” agus spriocd…

SF 2021-11-24 · Seanad · Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

Dúirt an tAire Stáit go raibh sé ag dul chun glacadh leis.

SF 2021-11-24 · Seanad · Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

Ba mhaith liom soiléiriú a fháil. Mar a dúradh mar gheall ar an leasú deireanach, an bhfuil an tAire Stáit ag tabhairt coimitmint arís go dtiocfaidh sé ar ais ar an chéad Chéim eile chun déileáil leis an gceist seo? Tuigim a dúirt an tAire Stáit faoin dáta ach tá na bunphrionsabail atá sa leasú seo tarraingthe ar réiteach. Bheadh sé iontach tábhachtach dúinn a thairg an leasú seo, ach níos tábhachtaí fós dóibh siúd atá ag breathnú ón taobh amuigh agus nach bhfuil an ceart acu a n-ainmneacha fíor a úsáid sna cásanna…

SF 2021-11-24 · Seanad
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

Níl.

SF 2021-11-24 · Seanad · Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

Mar atá ráite ag an Seanadóir Kyne, baineann na leasuithe seo le lógónna a bheith i nGaeilge amháin, mar atá molta ag Conradh na Gaeilge, chun spreagadh eile a thabhairt don Ghaeilge. Feictear go minic fiú nuair atá lógónna dátheangach agus tá an dá theanga in úsáid ann go mbíonn an Béarla úsáidte de ghnáth. Baineann sé seo le cumarsáid an Rialtais freisin. Chonaiceamar an tseachtain seo gur fógraíodh go mbeidh Atlantic Technological University bunaithe an bhliain seo chugainn nó "Ollscoil Teicheolaíochta an Atlant…

SF 2021-11-24 · Seanad
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

Ní aontaím.

SF 2021-11-24 · Seanad
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

Níl mé i bhfabhar.

SF 2021-11-24 · Seanad
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

Tá mé sásta é a tharraingt siar.

SF 2021-11-24 · Seanad · Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

Tairgim leasú Uimh. 17: I leathanach 17, idir línte 15 agus 16, an méid seo a leanas a chur isteach: “Dualgas comhlachtaí poiblí maidir le seirbhísí ar líne agus idirghníomhacha 9F. Déanfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach, agus tráth nach déanaí ná bliain tar éis an fhoráil seo a achtú, tuarascáil a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais ina leagfar amach moltaí praiticiúla a fhéadfar a chur sna caighdeáin atá le forordú de réir alt 19A chun a chinntiú, maidir le gach faisnéis a ch…

SF 2021-11-24 · Seanad · Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

Tairgim leasú Uimh. 19: I leathanach 17, idir línte 15 agus 16, an méid seo a leanas a chur isteach: “Dualgas gan mímhisneach a chur ar dhuine maidir leis an teanga náisiúnta 9F. Ní fhéadfaidh aon chomhlacht poiblí nó eintiteas atá maoinithe go páirteach nó go hiomlán ag comhlacht poiblí, lena n-áirítear daoine atá fostaithe ag comhlacht nó eintiteas den sórt sin, le linn dóibh a gcuid dualgas a chomhlíonadh ar son an chomhlachta nó an eintitis, a mholadh do dhuine gan an teanga náisiúnta a fhoghlaim, ná a rá leis …

SF 2021-11-24 · Seanad
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

Ba mhaith.

SF 2021-11-24 · Seanad · Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

Tá Sinn Féin sásta tacú go hiomlán leis an leasú seo. Rinne ár dTeachtaí Dála iarracht foráil mar seo a chur sa Bhille chun próiseas ceadúnaithe a bhain le cuideachtaí bainc, fóntais agus cumarsáide a chlúdach faoin Acht, ionas go mbeadh custaiméirí in ann cumarsáid trí Ghaeilge a dhéanamh leis na comhlachtaí sin agus seirbhísí a fháil trí Ghaeilge, ach níor ceadaíodh ár gcuid leasuithe. Is ábhar imní é go bhfuil príobháidiú déanta agus fós á dhéanamh ar a lán bunseirbhísí poiblí agus go ndéanann sé sin dochar do n…

SF 2021-11-24 · Seanad
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

I have seen the light. Nuair a bhí an crannchur náisiúnta luaite i Sceideal 1 den Acht, bhí daoine in ann cumarsáid a dhéanamh trí Ghaeilge leis an gcrannchur. Ó shin, tugadh conradh do chuideachta phríobháideach chun an crannchur a rith agus cuireadh an rialtóir sa Sceideal ina háit, ach is éard a tharla i ndáiríre ná go bhfuair an Rialtas réidh le cúraimí teanga an chrannchuir. I gcomhthéacs na díospóireachta faoin gcrannchur a bheith níos deacra anois toisc an iomarca liathróidí a bheith in úsáid, is trua nár pl…

SF 2021-11-24 · Seanad · Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

Mar atá ráite ag an Seanadóir Kyne cheana féin, seo leasú simplí ó Chonradh na Gaeilge chun an fhoclaíocht sa Bhille a shoiléiriú. Is de bharr feachtasaíochta ó Chonradh na Gaeilge, lenar ghlac gach páirtí, go bhfuil an fhoráil sa Bhille faoi 5% d’fhógraíocht comhlachta phoiblí a chur sna meáin Ghaeilge. Is maith an rud é go bhfuil sé sin ann ach tá sé tugtha faoi deara ag Conradh na Gaeilge nach bhfuil sé seo soiléir. Cad is brí le 5% d’aon fhógraíocht? An sin 5% de líon na bhfógraí, 5% d’achar na bhfógraí foilsit…

SF 2021-11-24 · Seanad · Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

Tacaíonn Sinn Féin go huile is go hiomlán leis an leasú seo ón Seanadóir Kyne. Tá dainséar ann nach mbeidh sa choiste comhairleach ach quango nó talking shop eile gan fhreagracht a bheith ar Aire nó Airí as an obair atá de dhíth ar an gcoiste a dhéanamh. Is maith an rud é freisin nach bhfuil an dualgas á fhágáil ag an Seanadóir Kyne go hiomlán ar an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ach go bhfuil aitheantas anseo go bhfuil an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe freagrach f…

SF 2021-11-24 · Seanad · Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

Mar is eol don Aire Stáit, pléadh go mion sa Dáil cé ar chóir a bheith ar an gcoiste comhairleach seo, agus bhí Teachtaí as gach páirtí ag lorg go mbeadh níos mó daoine neamhspleácha ó lasmuigh den státseirbhís ann agus go mbeadh gnáthphróiseas na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí in úsáid chun ionadaithe a roghnú. Dhiúltaigh an tAire Stáit do na moltaí sin, ach é sin ráite, tá dainséar ann dá nglacfaí leis an leasú seo go mbeadh daoine sinsearacha in áit saineolaithe nó daoine le suim acu i gcur chun cinn na seirbh…

← Previous Page 26 of 41 Next →