← All members
ND
Niall Ó Donnghaile
Rhetoric & votes →
Administrative Panel
· active 2020-01-21 to 2023-07-13
810Contributions
237Votes cast
8.9%On prevailing side
157Tá
80Níl
On prevailing side: this member voted
with the winning side in 21 of
237 decisive votes
(0 abstentions
excluded). Read it as a government-or-opposition indicator rather than a
measure of influence — the figure is near 100% for members supporting the
government of the day and near 0% for those opposing it.
Party over time
This is the point of the site: contributions keep the party
held on the day, not the one held now.
Membership spells on record:
SF
2016-04-25–2020-03-29 · SF
2020-03-30–2024-01-22
Record
SF
2021-11-24 · Seanad
· Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage
Tá cúpla focal gairid le rá agam sula dtagann an tAire Stáit isteach. Tacaíonn Sinn Féin leis an leasú seo. Déanann sé ciall monatóireacht níos leanúnaí a dhéanamh chun go mbeidh taighde úr ar fáil don choiste comhairleach agus do pholaiteoirí go rialta faoi dhul chun cinn na bpolasaithe seo chun pleananna a athrú dá bharr.
SF
2021-11-24 · Seanad
· Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage
Tuigim cinneadh an Chathaoirligh agus tá ardmheas agam air ach níl clú dá laghad agam cén dóigh a bhfuil leasú Uimh. 26 as ord. Ar aon nós, is scéal eile é sin. Maidir le leasú Uimh. 27, tá baol ann faoi láthair nach gcuirfear i bhfeidhm an dualgas ar chomhlachtaí poiblí freastal ar phobal na Gaeltachta ina dteanga féin go deo. Tuigtear go bhfuil gá le spriocdhátaí éagsúla le haghaidh comhlachtaí éagsúla ach ní cóir go mbeadh siad in ann éalú go deo na ndeor. Is é sin an fáth go bhfuil spriocdháta deiridh ag teastá…
SF
2021-11-24 · Seanad
· Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage
Tairgim leasú Uimh. 29:
I leathanach 29, línte 27 go 43, leathanaigh 31 agus 33, agus i leathanach 35, línte 1 go 8 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad:
“Caighdeáin a thabhairt isteach
19A. (1) Déanfar gach comhlacht poiblí a aicmiú i gceann amháin de thrí earnáil. Déanfar tríú páirtí, pearsa aonair nó comhlacht a sholáthraíonn seirbhísí thar ceann comhlacht poiblí a aicmiú san earnáil chéanna leis an gcomhlacht poiblí dá soláthraíonn sé na seirbhísí sin. I gcás go soláthraíonn tríú páirtí seir…
SF
2021-11-24 · Seanad
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage
SF
2021-11-24 · Seanad
· Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage
Tairgim leasú Uimh. 30:
I leathanach 35, idir línte 20 agus 21, an méid seo a leanas a chur isteach:
“(3) Ullmhóidh agus eiseoidh an Coiste Comhairleach tuarascáil, tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis theacht i ngníomh an Achta seo, a bheidh bunaithe ar an gcuspóir comhlachtaí poiblí a spreagadh chun a gcuid dualgas teanga a chomhlíonadh, ina leagfaidh sé amach—
(a) moltaí sonracha i ndáil leis na féidearthachtaí a bhainfeadh le córas chun fíneálacha agus pionóis airgid a fhorchur ar chomhlachtaí poiblí a sh…
SF
2021-11-24 · Seanad
· Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage
Tairgim leasú Uimh. 31:
I leathanach 39, líne 22, an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “úsáid teanga oifigiúla,”.”:
“(2) Leasaítear alt 21 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):
“(bb) gach beart riachtanach atá faoi réim a údaráis nó a húdaráis a dhéanamh chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh comhlachtaí poiblí forálacha aon Achta eile a bhaineann le teanga oifigiúil a úsáid,”.
(3) Leasaítear alt 21 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (d…
SF
2021-11-24 · Seanad
· Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage
Is mór an trua nach mbeidh an tAire Stáit ag glacadh leis. Sílim go ritheann an leasú seo le ciall, mar an gcéanna leis na cinn eile a mhol mé. Tá díomá orm faoi sin. Mar sin féin, ba mhaith liom an leasú seo a bhrú.
SF
2021-11-24 · Seanad
· Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage
Tairgim leasú Uimh. 32:
I leathanach 39, líne 22, an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “úsáid teanga oifigiúla,”.”:
“(2) Déanfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisinéir Teanga, agus tráth nach déanaí ná bliain tar éis achtú an Achta seo, tuarascáil a ullmhú agus a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais, ina leagfar amach na féidearthachtaí a bhainfeadh le feidhmeanna breise a thabhairt don Choimisinéir Teanga i leith na nithe seo a leanas:
(a) iniúchadh a dhéanamh chun a fhíorú ar dearbha…
SF
2021-11-24 · Seanad
· Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage
Ní líonann sé sin mise, nó pobal na Gaeilge, le mórán muiníne. Ba mhian liom an leasú a bhrú chun vóta.
SF
2021-11-24 · Seanad
· Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage
Ní bheidh an coiste logainmneacha ag déanamh cinntí faoi logainmneacha oifigiúla agus, mar sin, tá seans go bhfuil an leasú seo lochtach. Cuirfidh an coiste logainmneacha comhairle ar an Aire agus is é an tAire a dhéanann an cinneadh maidir le logainm oifigiúil in ordú logainmneacha. Dar ndóigh, baineann an leasú seo le cead a thabhairt don phobal agóid a dhéanamh i gcoinne logainm Gaeilge ach níl aon rogha molta chun go mbeidh deis ag an bpobal cur i gcoinne leagan bastardaithe Béarla atá brúite orthu go huathoibr…
SF
2021-11-24 · Seanad
· Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage
Tairgim leasú Uimh. 35:
I leathanach 43, idir línte 33 agus 34, an méid seo a leanas a chur isteach:
“Leasú ar alt 33 den Phríomh-Acht
15 . Leasaítear alt 33 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):
“(4) In aon logainm nua arna dhearbhú ag an Aire nó ag údarás áitiúil le haghaidh aon fhorbairt nua ó theacht i ngníomh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, ní dhearbhófar ach an leagan Gaeilge agus is ag an logainm Gaeilge amháin a bheidh feidhm agus éifeacht.”.”.
Is l…
SF
2021-11-24 · Seanad
· Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage
Tairgim leasú Uimh. 36:
I leathanach 45, líne 11, an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “de mhír 1(5)”,”:
“agus trí “Banc Ceannais na hÉireann agus gach comhlacht a bheidh faoina rialú agus ag feidhmiú mar bhanc miondíola a fhaigheann airgead go díreach ó Aire den Rialtas, ó Roinn Stáit, ón bPríomh-Chiste nó ó chomhlacht poiblí eile in imthosca inarb éard é an méid, nó comhiomlán na méideanna, a fhaightear amhlaidh 20 faoin gcéad nó níos mó de chaiteachas reatha an chomhlachta, na heagraíochta nó an ghrúpa …
SF
2021-11-24 · Seanad
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage
Ar éist sibh sa Seanad leis an ráiteas sin, Dia ár sábháil? Beidh mé ag brú an leasú chun vóta le toil an Tí.
SF
2021-11-24 · Seanad
· Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage
Tairgim leasú Uimh. 37:
I leathanach 45, idir línte 38 agus 39, an méid seo a leanas a chur isteach:
“Leasú ar alt 33 d’Acht an Gharda Síochána, 2005
17. Leasaítear alt 33 d’Acht an Gharda Síochána, 2005 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):
“(2) Cinnteoidh Coimisinéir an Gharda Síochána go mbeidh gach comhalta den Gharda Síochána a bheidh ar stáisiún i gceantar a bhfuil limistéar Gaeltachta ar áireamh ann sách inniúil sa Ghaeilge chun gur féidir leis nó léi í a úsáid go saoráideach i gcomhlíon…
SF
2021-11-24 · Seanad
· Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage
Insím don Aire Stáit go bhfuil sé sin dochreidte, le bheith ionraic faoi. Mar gheall gurbh é seo an leasú deireanach, tá sé doiligh é seo a chreidiúint nuair atá Coimisinéir an Gharda Síochána os comhair an chomhchoiste agus á rá aige go bhfuil an dlí á shárú ag An Garda Síochána toisc go bhfuil gardaí le Gaeilge le bheith ag an tseirbhís sa Ghaeltacht. Nach bhfeiceann an tAire Stáit seo le freagracht ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachtaí de go bhfuil orainn i bhfad níos mó a dhéanamh agus a bheith i bhfad níos g…
SF
2021-11-24 · Seanad
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage
Mar fhocal scoir, is cinnte go bhfuil Sinn Féin agus mise go huile is go hiomlán ar thaobh An Gharda Síochána. Táimid ar thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta. Is mór an trua anocht nach bhfuil Fine Gael.
SF
2021-11-24 · Seanad
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage
Níl a thuilleadh le rá agam. Is mian liom an leasú a chur chun vóta.
SF
2021-11-23 · Seanad
Planning and Development (Amendment) (Large-scale Residential Development) Bill 2021: Report and Final Stages
SF
2021-11-23 · Seanad
Paediatric Scoliosis Services: Statements
Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. I think this is the first opportunity I have had to engage with the Minister of State, Deputy Feighan, since he took up his appointment, so I welcome the opportunity to do that and welcome him back to the Seanad.
I will begin like Senator Seery Kearney. Joanne Rodgers's email will form an awful lot of my remarks because they are impactful. While probably a lot of what I will say has been said by Senator Seery Kearney, it will not do any harm to reassert her words and, through Joan…
SF
2021-11-18 · Seanad
Address to Seanad Éireann by An Taoiseach
Tá fáilte roimh an Taoiseach. Tá a lán le rá agam agus níl mórán ama agam mar sin beidh mé ag léamh go gasta ach ní léiriú dímheasa é sin; gabh mo leithscéal. Last week, FW de Klerk died. He was the last white President of an apartheid South Africa. His actions helped to end one of the most cruel and obscene regimes in the modern history of the world. His actions in releasing Nelson Mandela from prison and helping to end apartheid liberated the people and were instrumental in helping to build a new South Africa. De…