Is soiléir go bhfuil spiorad nua sa Ghaeilge. Chonaic mé sin nuair a bhíos ar an gcomhchoiste leis an Teachta Ó Snodaigh, a raibh mar Chathaoirleach air. Bhí sé mar onóir dúinn bualadh leis na scoláirí sna Gaelcholáistí agus sna scoileanna, go háirithe iad siúd i mBaile Átha Cliath agus Béal Feirste. Gan dabht, tá an Ghaeilge beo ach tá a lán dúshlán ann chomh maith. D'fhoilsigh Sinn Féin Ár Seacht nDícheall don Ghaeilge, chun an teanga náisiúnta a spreagadh i mbéal an phobail. Is é an príomhrud a bhí ansin ná an c…