Mar Aire Stáit don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, fáiltím roimh an deis labhairt sa Dáil le linn Seachtain na Gaeilge faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Is pribhléid dúinn é sa tír seo go bhfuil ár dteanga dúchais againn. Mar a deir an tAire, an Teachta Martin, tá mórán scéimeanna á riar ag ár Roinn ar son cur chun cinn na Gaeilge. Ina measc sin, tá scéimeanna i réimse na pleanála teanga, réimse oideachais an teaghlaigh agus réimse na n-ealaíon. Tá gach scéim tábhachtach, agus iad uile ag brath ar a chéile le cin…