Táimid ag foghlaim inniu go bhfuil ardú 6.7% tagtha ar phraghsanna le bliain anuas agus go bhfuil praghsanna fuinnimh ag dul suas níos mó, thart ar 47%. Tá níos mó ná dúbailt tagtha ar chostais ola théimh le bliain anuas. Tá na hoibrithe agus teaghlaigh ar fud an Stáit ag fulaingt mar gheall ar chostais mhaireachtála. Caithfidh an Rialtas dul i ngleic leis seo. Ba chóir go mbeadh sé ag tógáil an ualaigh throm seo atá ar theaghlaigh ach ní hé sin atá beartaithe. Is é an rud atá beartaithe ag an Rialtas seo ná go mbe…