Gabhaim buíochas leis an gCeann Comhairle agus leis an Aire. Sa tseachtain atá amach romhainn, tiocfaidh deireadh leis an sos a dtugtar do shealbhóirí morgáistí agus d'aisíocóirí mar gheall ar Covid-19. Beidh tionchar aige seo ar na mílte daoine agus teaghlach ar fud na tíre. Beidh na daoine seo i riaráistí agus i dtrioblóid le haisíocaíochtaí muna gcuidíonn an Rialtas leo. Impím ar an Aire, ar an Rialtas, ar na bainc agus ar na hiasachtóirí eile céimeanna a ghlacadh agus cinneadh a dhéanamh go sínfear amach an sos…