Go raibh míle maith agat, a Chathaoirligh. Teastaíonn uaim go dtabharfaidh an Treoraí cuireadh don Aire Oideachais teacht isteach agus labhairt linn faoi theagasc na Gaeilge inár mbunscoileanna. Tagraím ach go háirithe don fhadhb atá ann leis an gcreat curaclaim nua ina ngearrtar siar ar an méid ama atá le caitheamh ar theagasc na Gaeilge, toisc go bhfuil siad ag iarraidh – agus an ceart acu – díriú ar theangacha iasachta. Ach gan aon am á thabhairt do theangacha san iomlán, beidh laghdú ar an méid ama a chaitear a…