Tugann scannal na spuaicphacaí léargas soiléir ar mheon an Rialtais reatha. Is Rialtas é nach bhfuil clú aige céard atá ag tarlú i saol an ghnáthdhuine agus atá sásta an costas a bhaineann le seirbhísí bunúsacha sláinte a bhrú ar dhaoine nach bhfuil in acmhainn íoc astu. Nuair a fhaigheann an Rialtas an deis, déanann sé iarracht an t-ualach a chur ar an ngnáthdhuine go ciúin, i ngan fhios d’éinne, agus gan aon mheas ar an tionchar daonna. Ní ghlacfaimid leis sin. Beart daonna a bhí i gcóras na spuaicphacaí in am na…