Tairgim: "Go léifear an Bille an Dara hUair anois." Cuirim fáilte roimh mo chuid oifigigh atá tagtha anseo ó Chonamara inniu. Tá lúcháir mhór orm, mar an tAire Stáit na Gaeltachta, a bheith anseo inniu. Cuirim fáilte mhór roimh an deis seo labhairt sa Dáil agus an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024 a chur os comhair an Tí. Táim cinnte go mbeidh plé stuama agus tairbheach againn faoin reachtaíocht seo. I dtús báire, is dóigh gur fiú léargas gairid a thabhairt ar ról agus ar thábhacht Údarás na Gaeltachta ma…