De ghnáth, deirimid go bhfuil áthas orainn labhairt ar aon ábhar atá faoi chaibidil sa Dáil ach níl áthas ar aon Teachta a bheith anseo ag caint ar an ábhar seo. Tá buairt ar gach duine. Tá an baol ann go mbeidh daoine sa tír seo trína chéile le buairt ach mar a dúirt an Teachta Ó Laoghaire, tá comhairle tugtha ag an HSE do dhaoine, go háirithe chun a bheith ag ní na lámha. Sin an rud is tábhachtaí agus caithfidh muidne anseo agus muintir na tíre an eiseamláir sin a thaispeáint do gach duine ionas go mbeidh gach du…