Is scoil dara leibhéal, lán-Ghaeilge í Gaelcholáiste Reachrann. Tá sí lonnaithe i measc seomraí ranga atá ar iasacht ón scoil béal dorais. Tá prefabs in úsáid aici chomh maith. Beagnach 25 bliain ó shin, gealladh go mbeadh foirgneamh á sholáthar ag an Roinn chuig pobal na scoile, ach níl sé sin tar éis tarlú go fóill in ainneoin an ama sin ar fad. Tar éis na moille seo ar fad, tá dul chun cinn beag déanta againn. D’imigh an foirgneamh amach le haghaidh tairiscintí an bhliain seo. Tugadh gealltanas dúinn ar fad go m…