Cuireann sé áthas orm go bhfuil deis agam cúpla focal a rá i dtaobh na ceiste seo. Ar ndóigh, táimid ag comóradh agus ag ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge an tseachtain seo ach tá sé i bhfad níos tábhachtaí go mbeadh bliain na Gaeilge i gceist chuile bhliain. Tá sé thar a bheith tábhachtach aitheantas a thabhairt dóibh siúd a labhraíonn agus a úsáideann an Ghaeilge chuile lá go nádúrtha taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Ag deireadh an lae, is iad siúd beatha na teanga. Is féidir breathnú ar an saol mar …