◎ OireachtasDB

Dail Éireann · 2024-02-01

Lá Fhéile Bríde - Pause for Peace

CC Catherine Connolly · Galway West · Gaeilge

Party shown is the one held on 2024-02-01, frozen at parse time — not the speaker's party today.

Summary of this debate

Auto-generated

Ní mór dúinn ceist a chur orainn féin cé hí an bhean seo a bhfuil clú agus cáil uirthi, 1,5000 bliain tar éis a báis cothrom an ama seo. Ó mo thuairim féin, bean láidir neamhspleách ab ea í nach raibh scáth ná eagla uirthi labhairt amach ar son na fírinne, bandia agus naomh araon, agus taithí aici sa dá shaol, an domhan Ceilteach agus domhan nua na Críostaíochta. Bean ildánach, ilchumasach agus iléirimiúil, bean na míorúiltí agus na leigheasanna, agus bean na síochána ab ea í.

Ba bhean í a raibh meas as cuimse aici ar an dúlra agus a thuig a thábhachtaí is a bhí sé agus, ar ndóigh, is atá sé níos mó ná riamh inniu, agus obair as lámh a chéile leis an nádúr seachas seilbh a ghlacadh air. Bean a chaith a saol mar eadránaí athmhuintearais agus mar theachtaire na síochána.

Built by scoring every sentence in the debate on how distinctive its language is, then quoting the highest-scoring ones back word for word and in the order spoken. Nothing is paraphrased or invented — if a sentence appears here, it was said in the chamber. Drawn from 235 words across 1 contributions by 1 speakers.

Most used terms in this debate

How often each word appears across the whole debate, ranked by how distinctive it is to this debate rather than common to all parliamentary language.

bean 5
bhean 2
domhan 2
neamhspleách 2
uirthi 2
chuile 2
aici 2
saol 2
dúinn 2
athfháis 1
críostaíochta 1
ilchumasach 1

The full debate

All 1 contribution, start to finish, in the order they were made. The one you came here for is highlighted.

CC Catherine Connolly · Gaeilge this contribution

Táimid ag bogadh anois go dtí Ceisteanna ó Cheannairí ach, roimhe sin, mar is eol don Teach, is é seo Lá Fhéile Bríde, tús an earraigh agus an athfháis sa saol a caitheadh. Ní mór dúinn ceist a chur orainn féin cé hí an bhean seo a bhfuil clú agus cáil uirthi, 1,5000 bliain tar éis a báis cothrom an ama seo. Ó mo thuairim féin, bean láidir neamhspleách ab ea í nach raibh scáth ná eagla uirthi labhairt amach ar son na fírinne, bandia agus naomh araon, agus taithí aici sa dá shaol, an domhan Ceilteach agus domhan nua na Críostaíochta. Bean ildánach, ilchumasach agus iléirimiúil, bean na míorúiltí agus na leigheasanna, agus bean na síochána ab ea í. Ba bhean í a raibh meas as cuimse aici ar an dúlra agus a thuig a thábhachtaí is a bhí sé agus, ar ndóigh, is atá sé níos mó ná riamh inniu, agus obair as lámh a chéile leis an nádúr seachas seilbh a ghlacadh air. Bean a chaith a saol mar eadránaí athmhuintearais agus mar theachtaire na síochána. Ar chuile leibhéal, is eiseamláir agus treoraí dúinne í má tá sé de mhisneach againn mar thír neamhspleách glacadh leis an dúshlán a thug sí dúinn agus, go háirithe, le brúidiúlacht na cogaíochta ar ár dteilifís chuile lá. Is dócha go bhfuil sé aontaithe i measc na mBall go mbeidh nóiméad amháin againn in ár dtost.