◎ OireachtasDB

Dail Éireann · 2025-03-06

Part of Priority Questions

Foras na Gaeilge

FG Patrick O'Donovan · Limerick County · Minister for Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media · Gaeilge

Party shown is the one held on 2025-03-06, frozen at parse time — not the speaker's party today.

Q5 SF Aengus Ó Snodaigh to the Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

5. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén réiteach sealadach atá beartaithe aige, fad is atá réiteach fadtéarmach á lorg, chun a chinntiú nach mbeidh eagraíochtaí agus grúpaí pobail Gaeilge thíos leis toisc ciorruithe de €800,000 orthu ó Fhoras na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [10182/25]

Summary of this debate

Auto-generated

Is ceist í seo mar gheall ar mhaoiniú Fhoras na Gaeilge agus an gá go ndíreofaí isteach le teacht timpeall ar an bhfadhb bhunúsach go bhfuil ciorraithe anois de €800,000 ar an mbuiséad a bheas ag na sé cheanneagraíocht Gaeilge de thairbhe chinneadh Fhoras na Gaeilge. Mar is eol dó, tá cúraimí na Gaeltachta agus na Gaeilge ag aistriú chuig an Aire, an Teachta Calleary, go luath. Cuireann mo Roinn 75% den bhuiséad ar fáil d'Fhoras na Gaeilge agus tagann an chuid eile ón Roinn Pobal ó Thuaidh.

Tá an t-ábhar seo an-tábhachtach, ní hamháin don dream atá ag lorg tacaíochta ó Fhoras na Gaeilge ach d’aon duine le suim i gcúrsaí Gaeltachta agus Gaelainne. Is féidir linn, is féidir leis an Aire agus is féidir leis an Roinn tograí aonuaire a mhaoiniú agus b’fhéidir gur sin an bealach timpeall air seo láithreach bonn chun cuidiú leis na féilte seo sa bhealach sin.

Built by scoring every sentence in the debate on how distinctive its language is, then quoting the highest-scoring ones back word for word and in the order spoken. Nothing is paraphrased or invented — if a sentence appears here, it was said in the chamber. Drawn from 1,004 words across 6 contributions by 2 speakers.

Most used terms in this debate

How often each word appears across the whole debate, ranked by how distinctive it is to this debate rather than common to all parliamentary language.

gaeilge 13
teachta 13
luath 7
roinn 8
thuaidh 6
gaelainne 5
fhoras 5
timpeall 6
gaeltachta 7
aire 10
teacht 7
thuaidh-theas 4

The full debate

All 6 contributions, start to finish, in the order they were made. The one you came here for is highlighted.

SF Aengus Ó Snodaigh

Is ceist í seo mar gheall ar mhaoiniú Fhoras na Gaeilge agus an gá go ndíreofaí isteach le teacht timpeall ar an bhfadhb bhunúsach go bhfuil ciorraithe anois de €800,000 ar an mbuiséad a bheas ag na sé cheanneagraíocht Gaeilge de thairbhe chinneadh Fhoras na Gaeilge.

FG Patrick O'Donovan · Gaeilge this contribution

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Mar is eol dó, tá cúraimí na Gaeltachta agus na Gaeilge ag aistriú chuig an Aire, an Teachta Calleary, go luath. Is é an tAire, an Teachta Calleary, a bheidh freagrach as polasaí a fhorbairt faoi na ceisteanna seo. Tá mé ag súil go mbeidh an obair go léir críochnaithe go luath chun na feidhmeanna a aistriú go foirmiúil ó mo Roinn chuig an Roinn nua, is í sin, an Roinn pobail, gnóthaí tuaithe agus Gaeltachta. Is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas, CATT, a cheadaíonn buiséid do na hinstitiúidí Thuaidh-Theas, lena n-áirítear an Foras Teanga Thuaidh-Theas. Cuireann mo Roinn 75% den bhuiséad ar fáil d'Fhoras na Gaeilge agus tagann an chuid eile ón Roinn Pobal ó Thuaidh.

Tá méadú curtha ar fáil ag Rialtas na hÉireann i mbuiséad 2025 le cur i dtreo an Fhorais Teanga Thuaidh-Theas. Cuirtear tús le bliain bhuiséid an Fheidhmeannais ó Thuaidh i mí Aibreáin, áfach, agus dá réir sin, níl buiséid na bliana seo deimhnithe go fóill ag an Roinn Pobal ó Thuaidh. Nuair a bheidh buiséad 2025 deimhnithe agus aontaithe ag na Ranna urraíochta, ó Thuaidh agus ó Dheas, cuirfear é faoi bhráid an chéad chruinniú eile de chuid an CATT.

Rinne Foras na Gaeilge cinneadh ag tús na bliana seo ciorraithe a chur i bhfeidhm ar roinnt dá chuid scéimeanna bunaithe ar an mbuiséad a bhí aige anuraidh. Tá na Ranna urraíochta ó Thuaidh agus ó Dheas ag obair go dlúth le chéile chun na roghanna go léir a scrúdú ar mhaithe le teacht ar réiteach sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma araon ar na ceisteanna faoin mhaoiniú.

Idir an dá linn, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go gcuireann an Rialtas maoiniú suntasach breise ar fáil d'Fhoras na Gaeilge agus dá sé cheanneagraíocht maidir le gníomhaíochtaí eile Gaeilge. Le dhá bhliain anuas amháin, tá dúbailt tagtha ar an sciar den mhaoiniú sin a chuireann an Rialtas ar fáil go díreach do cheanneagraíochtaí Fhoras na Gaeilge, ó €1.8 milliún in 2023 go dtí €3.6 milliún i mbliana.

SF Aengus Ó Snodaigh · Gaeilge

Cloisim go ndeir an tAire nach bhfuil an buiséad réitithe go fóill ach tá a fhios ag gach uile dhuine go bhfuil an buiséad réitithe mar tá sé soiléir nach bhfuil airgead breise ag teacht ón bhFeidhmeannas toisc cinntí an DUP. Dá réir, ní bheidh aon fhás ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge. Caithfimid teacht timpeall ar fhadhb atá cuíosach bunúsach le tamall de bhlianta anuas áit atá an Stát ag rá go hoscailte go bhfuil sé sásta cur leis an airgead agus go bhfuil an fhadhb ó Thuaidh. Is fadhb pholaitiúil í ach is fadhb í sa chás seo atá ag cur as do na sé cheanneagrais go bhfuil €800,000 á tharraingt siar ón obair atá ar bun acu. Na dreamanna a bheidh thíos leis seo ná dreamanna atá thíos cheana féin toisc nach raibh aon ardú sa bhuiséad acu le blianta agus an fhadhb bunúsach seo ann. Caithfimid teacht timpeall air seo ar bhealach. Tabharfaidh mé roinnt samplaí don Aire nuair a thagaim ar ais.

FG Patrick O'Donovan · Gaeilge

Tá a fhios ag an Teachta an méid oibre a rinne mé nuair a bhí mé mar Aire Stáit ag plé leis an ábhar sin. Tá sé an-deacair. Níl aon amhras orainn faoin bpointe sin. Tá sé an-tábhachtach freisin d’Fhoras na Gaeilge go réiteofar an fhadhb seo chomh luath agus is féidir. B’fhéidir go mbeadh seans ag an Teachta buaileadh leis an Aire nua, an Teachta Calleary, agus an t-ábhar sin a phlé. B’fhéidir go mbunófar na coistí go luath agus go mbeidh an Teachta Ó Snodaigh ina chathaoirleach ar an gcoiste Gaelainne agus Gaeltachta arís. Tá an t-ábhar seo an-tábhachtach, ní hamháin don dream atá ag lorg tacaíochta ó Fhoras na Gaeilge ach d’aon duine le suim i gcúrsaí Gaeltachta agus Gaelainne. Tá sé an-tábhachtach domsa freisin an t-ábhar seo a réiteach go luath.

SF Aengus Ó Snodaigh · Gaeilge

Gabhaim buíochas leis an Aire as sin. Tuigim go bhfuil, mar a dúirt sé, na feidhmeanna á n-aistriú go dtí an Aire, an Teachta Calleary, ach is an Aire, an Teachta O'Donovan, atá os mo chomhair inniu agus tá sé anseo thar ceann an chórais mar sin. Is teachtaireacht é seo don chóras. Caithfimid uilig teacht ar bhealach timpeall air. Ní rud polaitiúil atá i gceist go bhfuil mé ag spochadh as an Aire, an Teachta O’Donovan, nó as an gcóras. Tá mise sásta cuidiú in aon bhealach gur féidir liom ach caithfimid smaoineamh ar bhealaí cliste más gá le teacht timpeall ar an bhfadhb ionas nach bhfuil na heagrais thíos €800,000 nach bhfuil ar fáil dóibh. Mar shampla, tá an scéim tacaíochta gnó agus beidh an chéad glaoch eile ann do scéim na bhféilte. Beidh an scéim seo thíos €140,000. Tá a fhios agam go raibh an-spéis ag an Teachta O’Donovan i gcur chun cinn na Gaeilge i measc an phobail. Tá €140,000 bainte as scéim dírithe ar fhéilte. Is féidir linn, is féidir leis an Aire agus is féidir leis an Roinn tograí aonuaire a mhaoiniú agus b’fhéidir gur sin an bealach timpeall air seo láithreach bonn chun cuidiú leis na féilte seo sa bhealach sin.

FG Patrick O'Donovan · Gaeilge

Cinnte. Tá a fhios ag an Teachta go bhfuil an fhoireann Gaeltachta agus Gaelainne imithe ó mo Roinn agus mar sin is é an tAire, an Teachta Calleary, atá ag plé agus a bheidh freagrach as na polasaithe a bhaineann le cúrsaí Gaeltachta agus Gaelainne. Ach tuigim go bhfuil mé os comhair an Dála inniu agus beidh mé in ann an t-ábhar sin a phlé leis an Aire chomh luath agus is féidir. Níl aon amhras orm ach go bhfuil sé sin an-tábhachtach do na daoine ar fad sa tír seo a bhfuil suim acu i gcúrsaí Gaelainne agus Gaeltachta. Tá sé an-tábhachtach an t-ábhar sin a réiteach go luath.