◎ OireachtasDB

Dail Éireann · 2025-03-06

Part of Other Questions

Cúrsaí Tithíochta

FG Patrick O'Donovan · Limerick County · Minister for Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media · Gaeilge

Party shown is the one held on 2025-03-06, frozen at parse time — not the speaker's party today.

Q9 SF Conor D. McGuinness to the Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

9. D'fhiafraigh Deputy Conor D. McGuinness den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cad atá á dhéanamh chun dul i ngleic leis an ngéarchéim thithíochta sna ceantair Ghaeltachta. [10111/25]

Summary of this debate

Auto-generated

Ag an am céanna, tá Údarás na Gaeltachta ag obair le páirtithe leasmhara chun dul i ngleic le dúshláin éagsúla maidir le soláthar agus cur ar fáil tithíochta i gceantair Ghaeltachta. Ba cheart dom aird an Teachta a tharraingt ar ghealltanas sa chlár Rialtais go bhfoilseofar treoirlínte pleanála Gaeltachta. Tá obair shuntasach déanta cheana féin ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i gcomhairle leis an Roinn chun na treoirlínte seo a fhorbairt.

Tá an-chuid oibre déanta ag Údarás na Gaeltachta agus ag an aonad i Roinn nua an Aire, an Teachta Calleary, le linn tréimhse an Rialtais dheireanaigh. An bhfuil an tAire ag rá go bhfuil an srian agus an bac ar fhoilsiú na dtreoirlínte pleanála Gaeltachta bainteach leis an Roinn tithíochta agus nach bhfuil sé ag teacht ó Roinn na Gaeltachta?

Built by scoring every sentence in the debate on how distinctive its language is, then quoting the highest-scoring ones back word for word and in the order spoken. Nothing is paraphrased or invented — if a sentence appears here, it was said in the chamber. Drawn from 894 words across 6 contributions by 2 speakers.

Most used terms in this debate

How often each word appears across the whole debate, ranked by how distinctive it is to this debate rather than common to all parliamentary language.

gaeltachta 13
roinn 9
tithíochta 8
treoirlínte 6
teachta 11
údarás 6
rialtais 6
ghaeltacht 5
cur 6
feicthe 4
siad 6
chlár 4

The full debate

All 6 contributions, start to finish, in the order they were made. The one you came here for is highlighted.

SF Conor D. McGuinness · Gaeilge

Tá ceist curtha síos agam mar gheall ar an ngéarchéim tithíochta sna ceantair Ghaeltachta. Ar ndóigh, tá an ghéarchéim tithíochta fud fad an Stáit ag cur an-chuid daoine, go háirithe clanna óga, i gcruachás ach is bagairt eiseach nó existential threat í dár bpobail sna ceantair Ghaeltacht. Cad atá á dhéanamh ag an Rialtas? Cathain a bheidh toradh ar an méid sin?

FG Patrick O'Donovan · Gaeilge this contribution

Déanaim comhghairdeas leis an Teachta as ucht a thoghcháin. Tá súil agam go n-éireoidh leis anseo sa Dáil ar son mhuintir Phort Láirge. Mar a dúirt mé ar ball, tuigfidh an Teachta go bhfuil cúrsaí Gaeltachta agus Gaelainne le haistriú chuig an Aire, an Teachta Calleary, sna seachtainí amach romhainn nuair a dhéanfar na horduithe cuí a shíneadh. Tá an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024, a chríochnaigh an Dara Céim i nDáil Éireann roimh ollthoghchán na bliana seo caite, curtha ar ais le déanaí le cur san áireamh i ngnó na Dála reatha. Leanfar leis an mBille seo a chur ar aghaidh trí Thithe an Oireachtais i mbliana. Soláthraíonn an Bille an chumhacht don údarás tailte atá ina sheilbh a chur ar fáil do chomhlachtaí ceadaithe tithíochta, AHBs i mBéarla, nó d'údaráis áitiúla chun tithíocht a sholáthar sa Ghaeltacht. Ag an am céanna, tá Údarás na Gaeltachta ag obair le páirtithe leasmhara chun dul i ngleic le dúshláin éagsúla maidir le soláthar agus cur ar fáil tithíochta i gceantair Ghaeltachta. Tuigtear dom go bhfuil cúrsaí pleanála mar mhír sheasta ar chlár oibre gach cruinniú de chuid bhord Údarás na Gaeltachta ó mhí na Nollag 2023.

Ba cheart dom aird an Teachta a tharraingt ar ghealltanas sa chlár Rialtais go bhfoilseofar treoirlínte pleanála Gaeltachta. Tá obair shuntasach déanta cheana féin ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i gcomhairle leis an Roinn chun na treoirlínte seo a fhorbairt. Tógfar ar an obair seo sna míonna amach romhainn d'fhonn na treoirlínte a fhoilsiú chomh luath agus is féidir. Tá an grúpa oibre seo ag cíoradh an phróisis phleanála sa Ghaeltacht chun struchtúr agus cleachtais a aontú chun an próiseas reatha a fheabhsú. Críochnóidh mé an freagra go luath.

SF Conor D. McGuinness · Gaeilge

Gabhaim buíochas leis an Aire as an bhfreagra sin ach ní inniu ná inné a thit an ghéarchéim seo amach. Táimid ag feitheamh le freagra agus le gníomh ón Rialtas agus ón Rialtas a bhí ann cheana féin. Is athrá ar na geallúintí a bhí sa chlár Rialtais deireanach atá sa chlár Rialtais reatha. Tuigimid go bhfuil na treoirlínte pleanála Gaeltachta seo dréachtaithe. Tá siad i scríbhinn ach níl siad feicthe ag aon duine. Níl siad feicthe ar an taobh seo den Teach. Ní fheadar an bhfuil siad feicthe ag cúlbhinseoirí an Aire féin. Níl siad feicthe ag muintir na Gaeltachta. Tá siad ag súil go mór leis seo. Táimid ag iarraidh go mbeadh cumhachtaí leithne agus acmhainní breise curtha ar fáil don Roinn agus d'Údarás na Gaeltachta ionas gur féidir leo dul i ngleic leis an ngéarchéim seo. Nílimid ag iarraidh na treoirlínte pleanála amháin ach beart de réir briathair i dtaobh soláthar tithíocht inacmhainne agus sóisialta.

FG Patrick O'Donovan · Gaeilge

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Mar is eol don Chathaoirleach Gníomhach agus don Teachta Ó Snodaigh go háirithe, rinne mé a lán oibre maidir leis an gceist seo nuair a bhí mar Aire Stáit le freagracht as an nGaeltacht sa Rialtas deireanach. Tuigim cé chomh tábhachtach atá sé ach, ar an gcéad dul síos, is ceist don Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta é. Tá an-chuid oibre déanta ag Údarás na Gaeltachta agus ag an aonad i Roinn nua an Aire, an Teachta Calleary, le linn tréimhse an Rialtais dheireanaigh. Tuigim cé chomh tábhachtach atá sé. Níl aon amhras go bhfuil sé an-tábhachtach don dream óg agus do dhaoine a bhfuil suim acu a bheith ina gcónaí sna ceantair Ghaeltacht cead pleanála a fháil agus tithe a fhorbairt. Tá an Rialtas agus páirtí an Teachta féin ar an leathanach céanna ar an ábhar sin. Tá súil agam go mbeidh an fhadhb sin réitithe go luath.

SF Conor D. McGuinness · Gaeilge

An bhfuil an tAire ag rá go bhfuil an srian agus an bac ar fhoilsiú na dtreoirlínte pleanála Gaeltachta bainteach leis an Roinn tithíochta agus nach bhfuil sé ag teacht ó Roinn na Gaeltachta? Is nuacht é sin domsa. Mar dhuine atá ag maireachtáil sa Ghaeltacht agus a bhfuil clann á thógáil aige i nGaeltacht na nDéise, feicim mo chomharsana, mo chomhghleacaithe agus mo chairde síos leis an ngéarchéim seo. Ní féidir leo maireachtáil, clann a thosú nó a bheith ina gcónaí ina bpobal féin. Tá sé sin ag cur todhchaí na Gaeltachta i mbaol. Tá beart de réir briathair ag teastáil anois. Foilsigh na treoirlínte seo agus cur ar fáil láithreach na hacmhainní agus cumhachtaí breise atá ag teastáil ón údarás chun gur féidir leis dul i ngleic leis seo.

FG Patrick O'Donovan · Gaeilge

Tuigim an cheist atá á cur os comhair na Dála ag an Teachta ach is ceist don Roinn tithíochta ceist na dtreoirlínte ar an gcéad dul síos.

Beidh na hAirí, na Teachtaí Calleary agus Browne, ag obair go luath chun an t-ábhar sin a réiteach. Mar is eol don Teachta, agus mar a dúirt mé cheana féin, tá an t-aonad atá ag obair le cúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge imithe ó mo Roinn. Níl amhras orm go bhfuil sé an-tábhachtach don Aire, an Teachta Calleary, an t-ábhar sin a réiteach mar tá Gaeltacht ina Dháilcheantar féin i gContae Mhaigh Eo.