San idirlinn, an bhfuil sé i gceist leanúint leis an leasú a bhí an tAire ag cur chun cinn maidir leis an mBille a bhaineann le toghcháin Údarás na Gaeltachta? Is féidir é sin a chur chun cinn mar Bhille ann féin agus an reachtaíocht maidir leis na toghcháin a chur ar athló, mar atá déanta ar aon chaoi, mar tá éigeandáil ann anois nach bhfuil aon fheidhm dhlíthiúil ag na scéimeanna. D'fhéadfaí rún nó Bille éigeandála a thógáil os comhair na Dála. Is é sin an rud a tharlaíonn de ghnáth nuair a deir an Ard-Chúirt nó aon áit eile nach bhfuil feidhm dhlíthiúil le reachtaíocht. Is é sin atá an breitheamh tar éis a rá. Mar a dúirt sé:
Go deimhin féin, seafóid agus rud nach bhféadfaí a rá is ea an argóint ar fad go bhfuil an scéim fós ag faoileáil os cionn talún agus ag feidhmiú cé gur baineadh uaithi na cosa taca dlí a bhí mar bhonn léi.
[...]
Chomh seafóideach céanna atá an tuairim seo gur féidir leis an scéim feidhm dlí a thabhairt di féin trí leas a bhaint as a foclaíocht féin d’ainneoin cinneadh an Oireachtais an reachtaíocht údaraithe a aisghairm.
An fhadhb bhunúsach, mar sin, ná nach bhfuil aon stádas ag na scéimeanna a thuilleadh gan reachtaíocht éigeandála.