◎ OireachtasDB

Dail Éireann · 2026-03-04

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Ceart chun an Ghaeilge a Úsáid) (Leasú), 2026: An Chéad Chéim

SF Shónagh Ní Raghallaigh · Kildare South · Gaeilge

Party shown is the one held on 2026-03-04, frozen at parse time — not the speaker's party today.

Summary of this debate

Auto-generated

Tairgim: Go gceadófar go dtabharfar isteach Bille da ngairtear Acht do leasú Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus an Achta um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, 2022 chun an ceart chun dul i mbun cumarsáide trí mheán na Gaeilge gan sárú a chosaint; agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe gaolmhara. An sprioc atá le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Ceart chun an Ghaeilge a Úsáid) (Leasú), 2026 ná ceart an duine Gaeilge a úsáid a chosaint sa dlí.

Tá cásanna cloiste ag coiste Gaeilge an Oireachtais faoi fostóirí, fiú i monarchana Stáit-mhaoinithe sa Ghaeltacht, ag rá le hoibreoirí gan an Ghaeilge a úsáid ina measc féin nó le custaiméirí. Tá sé ag tabhairt aitheantas sa dlí do cheart an duine an Ghaeilge a úsáid agus conas do dhaoine gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir Teanga má dhéanann aon duine iarracht cur isteach ar an gceart sin.

Built by scoring every sentence in the debate on how distinctive its language is, then quoting the highest-scoring ones back word for word and in the order spoken. Nothing is paraphrased or invented — if a sentence appears here, it was said in the chamber. Drawn from 336 words across 8 contributions by 4 speakers.

Most used terms in this debate

How often each word appears across the whole debate, ranked by how distinctive it is to this debate rather than common to all parliamentary language.

úsáid 9
gaeilge 10
bhille 5
chéad 5
ngaeilge 4
dhéanamh 5
ceart 4
bille 4
ndroch-chleachtas 2
líne 3
m’ainm 2
custaiméirí 2

The full debate

All 8 contributions, start to finish, in the order they were made. The one you came here for is highlighted.

SF Aengus Ó Snodaigh · Gaeilge

Tairgim:

Go gceadófar go dtabharfar isteach Bille da ngairtear Acht do leasú Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus an Achta um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, 2022 chun an ceart chun dul i mbun cumarsáide trí mheán na Gaeilge gan sárú a chosaint; agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe gaolmhara.

Is lá stairiúil é inniu leis an gcéad phíosa reachtaíochta i nGaeilge amháin á chur faoi bhráid na Dála. Reachtaíocht atá ag cosaint cearta teanga atá ann agus tá sé tráthúil é seo a dhéanamh le linn Sheachtain na Gaeilge. An sprioc atá le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Ceart chun an Ghaeilge a Úsáid) (Leasú), 2026 ná ceart an duine Gaeilge a úsáid a chosaint sa dlí. Rinneadh géarleanúint ar úsáid na Gaeilge le Reachtanna Chill Chainnigh, 1366. Cé gur tharla aisghairm ar na Péindlíthe deireanacha ó Thuaidh anuraidh, tá a lán le déanamh go fóill chun cothrom na Féinne a fháil do Ghaeilgeoirí agus úsáid ár dteanga náisiúnta a normalú. Tá cásanna cloiste ag coiste Gaeilge an Oireachtais faoi fostóirí, fiú i monarchana Stáit-mhaoinithe sa Ghaeltacht, ag rá le hoibreoirí gan an Ghaeilge a úsáid ina measc féin nó le custaiméirí. Ní féidir glacadh leis sin.

Tá an reachtaíocht seo bunaithe ar chreatlach atá ann sa Bhreatain Bheag ag cosaint úsáid na Breatnaise. Tá sé ag tabhairt aitheantas sa dlí do cheart an duine an Ghaeilge a úsáid agus conas do dhaoine gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir Teanga má dhéanann aon duine iarracht cur isteach ar an gceart sin. I measc na gcosaintí breise san ionad oibre, beidh deis ann fíneáil suas de €5,000 a ghearradh ar dhroch-fhostóir má sháraíonn sé an ceart sin gan chúis bhailí. Ní bheidh sé de cheart ag ardán ar líne cinsireacht a dhéanamh nó ardán a bhaint ó Ghaeilgeoir as ábhair i nGaeilge a bheadh ceadaithe i mBéarla a fhoilsiú, rud atá tar éis a bheith ina bhac do ghnólachtaí atá ag dul i mbun fógraíochta ar líne i nGaeilge.

SF Shónagh Ní Raghallaigh · Gaeilge this contribution

Is mór an onóir dom m’ainm a chur le mo chéad Bhille riamh inniu agus é ar an gcéad Bhille a chuireadh faoi bhráid an Tí trí mheán na Gaeilge. Is Bille thar a bheith tábhachtach é seo domsa ar go leor cúiseanna, ach ar leibhéal pearsanta ba mhaith liom scéal a roinnt leis an Teach a tharla 30 bliain ó shin agus mé ag obair i mo chéad phost. Bhí mé féin agus cara liom ón scoil ag obair sa ghruagaire céanna agus bhíodh an bheirt againn ag úsáid na Gaeilge go rialta agus muid lán le bród. Chuir ár mbainisteoir cosc orainn í a úsáid. Dúirt sí go raibh sé drochbhéasach toisc nach raibh Gaeilge ag an bhfoireann ar fad nó ag na custaiméirí, cé go rabhamar ag labhairt na Gaeilge eadrainn féin. B’shin an scéal a bhí agam agus mé i mo dhéagóir. Anois, táim sa Dáil agus le mo chéad Bhille riamh tá mé ag iarraidh stop a chur leis an ndroch-chleachtas sin agus saoirse a thabhairt do na glúnta amach anseo labhairt ina dteanga féin, teanga náisiúnta na tíre.

Mar a dúirt mé féin agus an Teachta Ó Snodaigh, is lá stairiúil é seo. Is é seo an chéad Bhille scríofa i nGaeilge agus táim bródúil go mbeidh m’ainm leis. Is é seo an chéad chéim i dtreo deireadh a chur leis an ndroch-chleachtas.

CC Verona Murphy

An bhfuiltear ag cur in aghaidh an Bhille?

FF Mary Butler

It is not opposed.

CC Verona Murphy

Iarraim ar dhuine de na Teachtaí tairiscint a dhéanamh go dtógfar an Dara Chéim in am Comhaltaí Príobháideacha.

SF Aengus Ó Snodaigh

Tairgim: “Go dtógfar an Bille in am Comhaltaí Príobháideacha.”

SF Aengus Ó Snodaigh

Before we conclude, tá gnó fíorthábhachtach agam on a point of order. It relates to today's business. We publish the Question Paper everyday and I have the right to put questions in Irish. Some of them have appeared in English today. Given that it is Seachtain na Gaeilge, that is madness. It needs to stop.

CC Verona Murphy

Although it is not a point of order, I will address it. I thank the Deputy.