Is é sin an chéad cheist inniu toisc go bhfuil a lán daoine as láthair. In any event, aithníonn mo Roinn an ról tábhachtach atá ag an earnáil oideachais tríú leibhéal i dtaca le sprioc an Rialtais a bhaint amach, is é sin go mbeidh 20% d'earcaigh san earnáil phoiblí inniúil sa Ghaeilge faoi 2030.
Le hAcht an Údaráis um Ard-Oideachas, 2022 cuirtear oibleagáid reachtúil ar an Údarás um Ard-Oideachas tacú le hinstitiúidí ardoideachais chun an Ghaeilge a mhúineadh, a chur chun cinn agus a úsáid. Chun na críche sin, tacaíonn mo Roinn le hinstitiúidí ardoideachais faoi láthair, tríd an Údarás um Ard-Oideachas, trí mhaoiniú lárnach agus trí shruthanna maoinithe sonracha do thionscnaimh Ghaeilge. Áirítear leis seo beagnach €1.8 milliún in aghaidh na bliana d'Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe agus €900,000 do thionscnaimh Ghaeilge níos leithne sna hollscoileanna.
Lasmuigh den earnáil ardoideachais, tá scileanna Gaeilge á gcur chun cinn freisin trí líonraí Skillnet Ireland, printíseachtaí agus cláir bhreisoideachais agus oiliúna. Cuireann sé sin uile leis an sprioc bheartais níos leithne maidir leis an nGaeilge a thacú i dtaobh úsáid na teanga go gairmiúil.
Maidir leis an bplean náisiúnta do sheirbhísí poiblí Gaeilge go sonrach, tá mo Roinn tiomanta go n-oibreoimid leis an earnáil oideachais tríú leibhéal agus le Ranna eile chun a chuspóirí a chur chun cinn. Áirítear leis an obair seo grúpa oibre earnála a bhunú, a mbeidh comhchathaoirleacht á déanamh air idir mo Roinn agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, chun breathnú ar bhealaí praiticiúla inar féidir leis na hearnálacha-----