Is institiúidí féinrialaitheacha iad ollscoileanna de réir bhrí Acht na nOllscoileanna, 1997. Dá bhrí sin, coinníonn siad freagracht as an ngnó ar fad maidir le hacmhainní daonna, faoi réir chomhlíonadh bheartas an Rialtais maidir le líon na bhfostaithe agus an bheartas pá. Maidir le ceapacháin in Ollscoil na Gaillimhe, tá siad faoi chúram údarás rialaithe na hollscoile sin, agus níl ról agamsa ná ag mo Roinn sa phróiseas sin.
Aithníonn mo Roinn an tábhacht ghéar le cur chun cinn agus leathnú múineadh agus úsáid na Gaeilge ag an tríú leibhéal. Le hAcht an Údaráis um Ard-Oideachas, 2022, cuirtear oibleagáid reachtúil ar an Údarás um Ard-Oideachas tacú le hinstitiúidí ardoideachais chun an Ghaeilge a mhúineadh, a chur chun cinn agus a úsáid. Chun na críche sin, tacaíonn mo Roinn le hinstitiúidí ardoideachais, tríd an Údarás um Ard-Oideachas, trí mhaoiniú lárnach agus trí shruthanna maoinithe sonracha do thionscnaimh Ghaeilge.
Leithdháileadh beagnach €1.8 milliún in 2024 agus 2025 ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe. Tacaíonn Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge leis an nGaeilge laistigh d'Ollscoil na Gaillimhe, agus ar fud Éireann. Cuireann an t-acadamh roinnt clár acadúil ar fáil trí mheán na Gaeilge. Tacaíonn an t-acadamh le hOllscoil na Gaillimhe freisin agus í ag iarraidh a bheith ina hollscoil dhátheangach trí fheabhsú scileanna sa teanga Gaeilge a chur ar fáil don fhoireann agus seirbhísí aistriúcháin a chur ar fáil don ollscoil.