◎ OireachtasDB

Dail Éireann · 2026-04-23

Earcaíocht agus Soláthar Foirne Tríú Leibhéal

FF James Lawless · Kildare North · Minister for Further and Higher Education, Research, Innovation and Science · Gaeilge

Party shown is the one held on 2026-04-23, frozen at parse time — not the speaker's party today.

Summary of this debate

Auto-generated

Tá an cheist seo dírithe ar an imní atá ann maidir leis an bpolasaí Gaeilge agus an ról lárnach atá ag an nGaeilge in Ollscoil na Gaillimhe, áit a mbeidh seans ann nach mbeadh Gaeilge inniúil ag an uachtarán, meabhránaí, rúnaí ollscoile nó an déan feidhmiúil agus go mbeadh sé sin mar dhroch-chás don Ghaeilge agus do stádas na Gaeilge san ollscoil. Dá bhrí sin, coinníonn siad freagracht as an ngnó ar fad maidir le hacmhainní daonna, faoi réir chomhlíonadh bheartas an Rialtais maidir le líon na bhfostaithe agus an bheartas pá.

Is féidir leis an Rialtas, tríd leasuithe a dhéanamh ar an Acht atá ann faoi láthair, dualgas a bheith ann go mbeadh cáilíochtaí ar leith ann - toisc an príomhról atá ag an ollscoil seo maidir leis nGaeilge - agus go mbeadh ar iarrthóirí a bheith inniúil sa Ghaeilge.

Built by scoring every sentence in the debate on how distinctive its language is, then quoting the highest-scoring ones back word for word and in the order spoken. Nothing is paraphrased or invented — if a sentence appears here, it was said in the chamber. Drawn from 430 words across 6 contributions by 2 speakers.

Most used terms in this debate

How often each word appears across the whole debate, ranked by how distinctive it is to this debate rather than common to all parliamentary language.

gaeilge 14
ollscoil 8
ann 14
roinn 8
ghaeilge 7
gaillimhe 6
maidir 8
bheartas 4
mbeadh 7
réir 6
bhrí 4
tacaíonn 4

The full debate

All 6 contributions, start to finish, in the order they were made. The one you came here for is highlighted.

SF Aengus Ó Snodaigh · Gaeilge

Tá an cheist seo dírithe ar an imní atá ann maidir leis an bpolasaí Gaeilge agus an ról lárnach atá ag an nGaeilge in Ollscoil na Gaillimhe, áit a mbeidh seans ann nach mbeadh Gaeilge inniúil ag an uachtarán, meabhránaí, rúnaí ollscoile nó an déan feidhmiúil agus go mbeadh sé sin mar dhroch-chás don Ghaeilge agus do stádas na Gaeilge san ollscoil.

FF James Lawless · Gaeilge

Is institiúidí féinrialaitheacha iad ollscoileanna de réir bhrí Acht na nOllscoileanna, 1997. Dá bhrí sin, coinníonn siad freagracht as an ngnó ar fad maidir le hacmhainní daonna, faoi réir chomhlíonadh bheartas an Rialtais maidir le líon na bhfostaithe agus an bheartas pá. Maidir le ceapacháin in Ollscoil na Gaillimhe, tá siad faoi chúram údarás rialaithe na hollscoile sin, agus níl ról agamsa ná ag mo Roinn sa phróiseas sin.

Aithníonn mo Roinn an tábhacht ghéar le cur chun cinn agus leathnú múineadh agus úsáid na Gaeilge ag an tríú leibhéal. Le hAcht an Údaráis um Ard-Oideachas, 2022, cuirtear oibleagáid reachtúil ar an Údarás um Ard-Oideachas tacú le hinstitiúidí ardoideachais chun an Ghaeilge a mhúineadh, a chur chun cinn agus a úsáid. Chun na críche sin, tacaíonn mo Roinn le hinstitiúidí ardoideachais, tríd an Údarás um Ard-Oideachas, trí mhaoiniú lárnach agus trí shruthanna maoinithe sonracha do thionscnaimh Ghaeilge.

Leithdháileadh beagnach €1.8 milliún in 2024 agus 2025 ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe. Tacaíonn Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge leis an nGaeilge laistigh d'Ollscoil na Gaillimhe, agus ar fud Éireann. Cuireann an t-acadamh roinnt clár acadúil ar fáil trí mheán na Gaeilge. Tacaíonn an t-acadamh le hOllscoil na Gaillimhe freisin agus í ag iarraidh a bheith ina hollscoil dhátheangach trí fheabhsú scileanna sa teanga Gaeilge a chur ar fáil don fhoireann agus seirbhísí aistriúcháin a chur ar fáil don ollscoil.

SF Aengus Ó Snodaigh · Gaeilge

Ní féidir agus ní ceart go mbeadh Pontius Pilate á dhéanamh sa chás seo. Is cinneadh Rialtais a bhí ann Acht Ollscoil na Gaillimhe a thógáil isteach in 2005 nó 2006. Rinneadh ísliú ar stádas na Gaeilge ó thaobh coinníollacha a bheith ann maidir leo siúd atá i gceannas ar an gcoláiste. Is féidir leis an Rialtas, tríd leasuithe a dhéanamh ar an Acht atá ann faoi láthair, dualgas a bheith ann go mbeadh cáilíochtaí ar leith ann - toisc an príomhról atá ag an ollscoil seo maidir leis nGaeilge - agus go mbeadh ar iarrthóirí a bheith inniúil sa Ghaeilge. Ní caitheamh anuas é seo ar na daoine atá sna poist seo. Fuair siad an post tríd an ngnáthchóras. Is caitheamh anuas ar an gcóras é nach raibh an coinníoll ann sa chéad dul síos. Dá réir, tá ísliú tugtha don Ghaeilge.

FF James Lawless · Gaeilge this contribution

Tuigim an fhadhb. Is institiúidí féinrialaitheacha iad ollscoileanna de réir bhrí Acht na nOllscoileanna, 1997. Dá bhrí sin, coinníonn siad freagracht as an ngnó ar fad maidir le hacmhainní daonna, faoi réir chomhlíonadh bheartas an Rialtais maidir le líon na bhfostaithe agus an bheartas pá.

Is ábhar don chomhlacht rialaithe san ollscoil féin é ceapadh uachtarán nua cé go mbeifí ag súil go mbeadh próiseas oscailte earcaíochta i gceist. Ní bhíonn aon ról ag an Roinn ná ag an Aire sa cheapachán seo.

SF Aengus Ó Snodaigh · Gaeilge

Tuigim cad atá á rá ach tá ról ag an Aire tríd reachtaíocht na Tithe seo. Bhí an díospóireacht ann agus léiríodh an bhuairt ag an am. In fact, sular éirí sé as, léirigh Éamon Ó Cuív, duine do chomhghleacaithe an Aire, an bhuairt chéanna. Chuir sé Bille chun cinn chun tarraingt siar ón gcinneadh a glacadh in Acht 2006. Thug sé an Bille an Choláiste Ollscoile, Gaillimh (Leasú), 2017, chun cinn a bhí dírithe ar cinnte a dhéanamh de go raibh stádas níos daingne agus níos láidre ó thaobh na Gaeilge de sa choláiste, agus go mbeadh tús áite ann ó thaobh na Gaeilge de. An bhuairt atá ann ná muna bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge acu siúd ag an leibhéal is airde sa choláiste go ndéanfaidh sé dochar don straitéis atá ann. Tá straitéis ann a bhí ag tabhairt borradh don Ghaeilge sa choláiste agus tá dainséar ann anois.

FF James Lawless · Gaeilge

Tá suim agam sa bhfadhb agus tuigim é. Beidh suim ag an Teachta sa mhéid atá á dhéanamh sa Roinn ag obair sa spás sin. Is rannpháirtí gníomhach í an Roinn sa réimse agus tá obair na hearnála ardoideachais tábhachtach chun a cinntiú go bhfuil luach ár saothar againn leis na scileanna teanga atá riachtanach chun an sprioc inniúlachta 20% a bhaint amach. Tá a lán oibre ar siúl sa Roinn towards that regards. Tá réimse leathan cúrsaí nua a bhfuil cuid acu i nGaeilge ar fáil do mhic léinn. Is iad na hinstitiúidí féin a chinntigh soláthar na gcúrsaí sin de réir neamhspleáchas a ceadaíodh.

Mar sin féin, tacaíonn an Roinn le réimse téacsleabhair Gaeilge freisin atá dírithe ar thacú le húsáid na Gaeilge ar champas tríú leibhéal lena n-áirítear tacaíocht do chlubanna agus cumainn Gaeilge. Tá m’am thart.